Jump to content

Ionsaí scine Stockport, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí scine Stockport, 2024
Map
 53° 38′ 32″ N, 2° 59′ 07″ O / 53.64236°N,2.98536°W / 53.64236; -2.98536
Cineálmass stabbing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Iúil 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSouthport, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Coirpeach Axel Rudakubana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leCíréibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna3 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe10 Cuir in eagar ar Wikidata


Ar an 29 Iúil 2024, tharla ionsaí scine inar maraíodh triúr cailíní óga agus inar gortaíodh deichniúr eile. Cuireadh tús le hagóidí agus círéibeacha frith-inimirce timpeall na Ríochta Aontaithe sna laethanta ina dhiaidh sin. Scaipeadh go leor frithfhaisnéise faoin gcás agus maíodh gur Mhoslamach a rinne an marú, rud nach raibh fíor.

Círéib i Southport, 30 Iúil 2024
Agóideoirí i bhfad amach ar an eite dheis i Learpholl ar an 3 Lúnasa 2024
Frithagóid i Lancaster

Bhí na páistí i Southport ag glacadh páirt i rang damhsa "Taylor Swift" nuair a ionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae. Maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana. As an deichniúr a gortaíodh, bhí cúigear páistí agus beirt daoine fásta a fágadh go han-dona tinn. Gortaíodh na daoine fásta agus iad ag iarraidh na leanaí a chosaint.[1]

Tugadh ógánach seacht mbliana déag, Axel Muganwa Rudakubana, os comhair cúirte i Learpholl ar an 1 Lúnasa agus é cúisithe i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú. In Caerdydd sa Bhreatain Bheag a rugadh é agus bhí sé ina chónaí i sráidbhaile Banks ó thuaidh ó Southport.[2]

De bhunadh Ruanda ba ea tuismitheoirí Rudakubana. Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta i ndiaidh na maruithe, i mBéal Feirste chomh maith.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2024-07-30). "Ógánach fós á cheistiú faoi leanaí a mharú, a ghortú in Southport" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Ógánach os comhair cúirte faoi leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE). 
  3. Póilín Ní Chiaráin (7 Lúnasa 2024). "Ná ligimis d’aon dream normalú a dhéanamh ar an bhfuath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-07.