Custard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Soitheach lán le breachtán
Berliner lán le breachtán.

Bainne, uibheacha, siúcra agus gránphlúr (go minic) bruite le chéile mar mhilseog srl is ea custard (breachtán sa Meán-Ghaeilge).[1]

Is milseog é agus lena chois sin, cuirtear i mórán borróga é freisin, amhail Berliner.

Buíonn dath buíbánbhuí air de bharr buíocáin na n-uibheacha. Is féidir é a ithe te nó fuar.

Is féidir le custard a bheith tiubh agus meallach nó is féidir leis bheith sreabhach. Nuair atá sé sreabhach, tá sé oiriúnach mar anlann agus doirtear ar bhia eile é amhail toirtín.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: custard" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-25.