Jump to content

Cumann Sacair na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cumann Sacair na hÉireann
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Irish Football Association
(ga) Cumann Peile na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálAssociation football federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht18 Samhain 1880 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáin oifigiúilirishfa.com
Twitter: IrishFA Youtube: UCZewQrQZcpeShcjY70jBlDw Cuir in eagar ar Wikidata
Suaitheantas reatha an chumainn

Is é Cumann Sacair na hÉireann (CSÉ) (Béarla: Irish Football Association, Ultais: Norlin Airlan' Fitbaw Associe) an comhlacht rialaithe faoi choinne sacair i dTuaisceart na hÉireann. D’eagraigh sé foireann sacair náisiúnta na hÉireann ó 1880 go 1950, a tiontaíodh i bhfoireann sacair náisiúnta Thuaisceart na hÉireann tar éis 1954 .

Suaitheantas bunaidh

Bunaíodh an CSÉ ar 18 Samhain 1880 mar chomhlacht uile-oileáin don shacar nuair a ghairm Mullach Imeanna cruinniú ar a d'fhreastail seacht gclub peile, a lonnaíodh sa cheantar Bhéal Feirste den chuid is mó. Dá réir, is an ceathrú cumann náisiúnta peile is sine ar domhan é an CSÉ (i ndiaidh Shasana, Albain agus na Breataine Bige). Ba iad na baill bunaithe: Alexander, Avoniel, Mullach Imeanna, Drioglann Lios na gCearrbhac, Cnoc, Páirc Mhagh nÉola agus an tSeanpháirc. Ba é an chéad chinneadh a rinne an CSÉ ná comórtas coirn dhúshláin a chur ar bun, a reáchtálfaí ar bhonn bliantúil, cosúil le comórtais Chorn an FA agus Chorn na hAlban, ar a tugadh Corn na hÉireann. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’imir Éire a céad cluiche idirnáisiúnta in aghaidh Shasana, inar chaill sí 13–0 (rud atá fós ina thaifead don dá fhoireann; an bua is mó riamh do Shasana, agus an chailliúint is measa d’Éirinn (Tuaisceart)).

An scoilt Thuaidh/Theas agus bunú Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Iar-Cheanncheathrú an Chumainn ag 20 Ascaill Windsor i mBéal Feirste.

Go gairid i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann, i 1921, bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (CPÉ) mar chomhlachas comhraic, a rialódh an cluiche san Shaorstát Éireann nua. D'éirigh an scoilt go príomha as siocair conspóide faoi dtaobh den shuíomh ina d'athimreofaí Corn na hÉireann 1921 idir Chluain Teorann as Bhéal Feirste agus Síol Bhroin as Bhaile Átha Cliath. Nuair a chríochnaigh an chéad chluiche i mBéal Feirste ar chomhschór, loic an CSÉ ar ghealltanas go n-imreofaí an t-athimirt i mBaile Átha Cliath, mar gheall ar chogadh neamhspleáchais na hÉireann a bhí ar siúl, agus sceidealaíodh cluiche eile i mBéal Feirste. Dhiúltaigh Síol Bhroin géilleadh agus d'éirigh siad as an gCorn.[1] Bhí an oiread sin feirge faoin easaontas gur bhris Cumann Peile Laighean ón CSÉ chun a gcumann náisiúnta féin a bhunú. Chreid siad gur chóir an pheil á rialú ó phríomhchathair Shaorstáit na hÉireann, Baile Átha Cliath; agus chuir siad neamhaird a thabhairt do fhorbhairt an chluiche sa Deisceart i leith an CSÉ. D’áitigh lucht tacaíochta an CSÉ gur cheart go lonnófaí an foras san áit a n-imrítear an cluiche go príomha – Cúige Uladh, agus a phríomhchathair Béal Feirste.

Mhaígh an dá chumann ionadaíocht a dhéanamh don oileán ar fad, an dís ag iomaíocht go hidirnáisiúnta faoin ainm “Ireland” agus ag roghnú imreoirí as an dá shraith náisiúnta, a bhí scoilte chomh maith faoin am seo. Thug idirghabháil FIFA cearta eagraithe de jure don CPÉ thar 26 contae na Poblachta, agus an CSÉ teoranta do Thuaisceart na hÉireann. Ó na caogaidí i leith, níor mhaígh an CSÉ a thuilleadh go raibh iontu an cumann d’Éirinn ar fad. I 1960, bhog an cumann go hAscaill Windsor i ndeisceart Bhéal Feirste, i bhfoirgneamh a raibh Thomas Andrews ina chónaí tráth. Bhog an CSÉ arís in 2016 go dtí a shuíomh reatha ag an Staidiam Peile Náisiúnta i bPáirc Windsor, Béal Feirste.

Múrmhaisiú Chumann Sacair na hÉireann
1880 - Bunaíodh an CSÉ i mBéal Feirste mar chomhlacht sacair uile-oileáin
1921 - Bunaíodh an CPÉ i mBaile Átha Cliath, ag déanamh ionadaíochta don Shaorstát
1936 - Thosaigh an CPÉ ag roghnú imreoirí ón Tuaisceart
1946 - Stadann an CPÉ imreoirí an Tuaiscirt a roghnú ("Poblacht na hÉireann" ó 1954)[2]
1950 - Stadann an CSÉ imreoirí an Deiscirt a roghnú ("Tuaisceart Éireann" ó 1954)[2]

Dá bharr sin,

Rinne CSÉ (Tuaisceart na hÉireann inniu) ionadaíocht don Éirinn ar fad idir 1880-1950
Rinne CPÉ (Poblacht na hÉireann inniu) ionadaíocht don Éirinn ar fad idir 1936-1946

In éineacht le cumainn na Náisiún Baile eile (Cumann Sacair Shasana, Cumann Peile na hAlban, agus Cumann Peile na Breataine Bige), suíonn an CSÉ ar Bhord an Chumainn Peile Idirnáisiúnta, atá freagrach as dlíthe an chluiche. Leanann an CSÉ foireann náisiúnta Thuaisceart na hÉireann a reáchtáil fosta.

Is é Cumann Sacair Ban Thuaisceart na hÉireann (CSBTÉ) craobh sacair na mban den CSÉ. Reáchtálann sé Corn na mBan, Sraith na mBan, raon de champaí sacair faoi aois[3] agus foireann sacair ban náisiúnta Thuaisceart na hÉireann. I mí Aibreáin 2014, bhagair Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thuaisceart na hÉireann Carál Ní Chuilín go laghdófaí maoiniú an CSÉ mura stopfadh sé ag caitheamh le sacar na mban mar “athsmaoineamh”.[4]

  • 1880–1889 An Tiarna Spencer Chichester
  • 1889–1909 Marcas Doire, Charles Vane-Tempest-Stewart
  • 1909–1912 Alexander H. Thompson
  • 1912–1914 Hugh Hegan
  • 1914–1945 An tUasal James McIlmunn Wilton
  • 1945 – 1948 Austin Donnelly
  • 1948–1957 Frederick J. Cochrane
  • 1957-1958 Joseph MacBride
  • 1958-1994 Harry Cavan
  • 1995 Sammy Walker
  • 1995-2007 Jim Boyce
  • 2007-2010 Raymond Kennedy
  • 2010–2016 Jim Shaw[5]
  • 2016 – David Martin[6]
  • Conrad Kirkwood[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Ceist imeartha na peile ar lá Dé Domhnaigh
  1. Football Association of Ireland”.
  2. 2.0 2.1 Ryan (1997). "The Boys in Green: the FAI international story". Edinburgh: Mainstream Publishing. ISBN 1-85158-939-2. 
  3. Irish Football Association Camps”. pitchbooking.com. Dáta rochtana: 2022-04-20.
  4. Údar anaithnid (9 Aibreán 2014). "Irish Football Association must give girls equal status or I'll cut cash: Sports Minister Carál Ní Chuilin". Belfast Telegraph. Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
  5. Údar anaithnid (25 Samhain 2010). "Jim Shaw elected Irish Football Association President". Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
  6. Údar anaithnid (28 Iúil 2016). "David Martin elected as new IFA president at council meeting". Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
  7. Irish FA staff”.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]