Carál Ní Chuilín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Carál Ní Chuilín
Carál Ní Chuilín (cropped).jpg
ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann

Márta 9, 2007 - Márta 24, 2011
Dúiche: Béal Feirste Thuaidh (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2007
Minister of Culture, Arts and Leisure (en) Aistrigh

Bealtaine 5, 2011 - Bealtaine 6, 2016
Nelson McCausland (en) Aistrigh
Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann

Bealtaine 6, 2011 - Márta 24, 2016
Dúiche: Béal Feirste Thuaidh (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2011
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann

Bealtaine 7, 2016 - Eanáir 26, 2017
Dúiche: Béal Feirste Thuaidh (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2016
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann

Márta 3, 2017 -
Dúiche: Béal Feirste Thuaidh (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2017
Saol
Eolas breithe Béal Feirste, 18 Nollaig 1964 (57 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éireannach
Oideachas
Alma mater An Ollscoil Oscailte
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir
Ballraíocht Óglaigh Shealadacha na hÉireann
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochta Sinn Féin
Twitter caralnichuilin

Is polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin í Carál Ní Chuilín, atá lonnaithe sa Lóistín Nua, i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig sí i gcomharbas ar Nelson McCausland mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTionól Stormont sa bhliain 2011.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Carál Ní Chuilín sa Lóistín Nua i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Gearradh priosún naoi mbliana uirthi sa bhliain 1989 as a bheith páirteach i bplean chun baill den RUC a mharú le tréanphléascáin, as bhallraíocht den IRA agus as pléascáin a bheith ina seilbh aici.

Chaith sí ceithre bliana faoi ghlas sular scaoileadh saor í.[1] Ar theacht amach ón phríosún di, bhain sí céim bhaitsiléara amach i Staidéar Sóisialta agus lean sí uirthi ina dhiaidh sin chun céim mháistir a dhéanamh sa bhainistíocht. I gcaitheamh a gairm bheatha go dtí seo, bhí sí ina comhordaitheoir ar an eagraíocht "Tar Anall", a dhéanann freastal ar theaghlaigh agus ar iarchimí poblachtanacha, agus ina comhchathaoirleach ar Bhord Comhpháirtíochta Bhéal Feirste Thuaidh. Anuas air sin, is í Carál Ní Chuilín príomhaoire Shinn Féin i dTionól Stormont.

Toghadh í ina comhairleoir cathrach do cheantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste sa bhliain 2005 agus d'fhan sí sa phost sin ar feadh dhá bhliain. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí mar Chomhalta den Tionól Reachtach don toghcheantar Béal Feirste Thuaidh. Sa bhliain 2011, i ndiaidh di bheith tofa mar CTR den dara huair as a chéile, ceapadh í mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.[2]

Tréimhse mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an tAire Ní Chuilín aird na meán nuair a d'fhreastail sí ar chluiche sacair fhoireann Thuaisceart Éireann i bPáirc Windsor, rud nach ndearna ball sinsearach den pháirtí riamh go dtí sin. Chomh maith leis sin, mhol sí iarrachtaí Chumann Sacair na hÉireann dul i ngleic le seicteachas, ag rá go raibh tréaniarracht ar bun ag na húdaráis leis an fhadhb sin a laghdú.[3]

Líofa 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá suim ar leith ag Carál Ní Chuilín sa Ghaeilge, cé nach bhfuil an teanga ar a toil aici[4] agus sheol sí an feachtas Líofa 2015 i mí Mheán Fómhair na bliana 2011. Is é is cuspóir le Líofa 2015 ná daoine san earnáil poiblí ó thuaidh a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim, agus le líofacht na Gaeilge a bhaint amach faoin spriocdháta sa bhliain 2015.

Tá an feachtas dírithe go mórmhór ar bhaill de na seirbhísí slándála agus ar réalta spóirt agus tá sé ráite ag Carál Ní Chuilín go bhfuil sí ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine nár chóir go mbeadh fochialla polaitiúla ag baint le teanga ar bith, an Ghaeilge san áireamh.[5]

Joe Brolly celebrates Líofa.jpg

Tuairiscíodh ar lá seolta an fheachtais, is é sin an 5. Meán Fómhair 2015, go raibh tuairim is 150 ball de Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, an Leasardchonstábla Judith Gillespie ina measc, i ndiaidh glacadh le dúshlán an Aire Ní Chuilín le líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015. Chuir roinnt polaiteoirí aontachtacha, cosúil le Basil McCrea, fear de bhoic mhóra an UUP, fáilte roimh an tionscnamh fosta.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]