Basil McCrea
Is Comhalta den Tionól Reachtach de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh é Basil McCrea, a sheasann i dtoghcheantar Ghleann an Lagáin, i gContae Aontroma.
Rugadh é ar an 13 Samhain 1959 i mbaile Dhún na nGall agus fuair sé a chuid oideachais in Acadamh Ríoga Bhéal Feirste agus in Ollscoil Birmingham. Sa bhliain 2010, chuaigh sé san iomaíocht in aghaidh Tom Elliott le ceannaireacht an pháirtí a bhaint amach, ach níor éirigh leis.
Is é an tuairim choitianta, sna meáin chumarsáide ach go háirithe, ná go mbaineann Basil McCrea le eite chlé an pháirtí.[1]
D'fhreastail Basil McCrea ar sheoladh an fheachtais Líofa 2015 i Meán Fómhair na bliana 2011 agus dúirt ag an ócáid go raibh sé ag iarraidh tuiscint níos fearr ar ról na bProtastúnach a stair na Gaeilge a chur chun cinn. Cé nach bhfuil sé de rún aige féin páirt a ghlacadh sa tionscnamh, chuir sé fáilte roimhe is ghuigh gach rath air.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Daoine a rugadh i 1959
- Daoine beo
- Alumni Ollscoil Uladh
- Comhaltaí den Tríú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2007-2011)
- Comhaltaí den Cheathrú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2011-2016)
- Comhaltaí den Seachtú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann
- Daoine as Contae Thír Eoghain
- Fir
- Innealtóirí Briotanacha
- Gníomhaithe Gaeilge
- Baill Pháirtí Aontachtach Uladh