Costóg
Anthriscus cerefolium ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | chervil (en) ![]() ![]() ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Anthriscus |
Speiceas | Anthriscus cerefolium ![]() Hoffm. |
Ainmníocht | |
Basainm | Scandix cerefolium ![]() |
Is planda bliantúil (nó bliantóg) le gas cuasach díreach a fhásann 70 cm ar airde í an chostóg[1]. Tugtar an camán gall uirthi freisin.
Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A gais toll agus clúmhach os cionn na nód, agus na torthaí leathfhada mín[2].
- Cuma na raithní ar na duiIleoga roinnte is na maotháin fo-roinnte ina dteascáin chaola leathfhada..
- Bláthanna bána, iompartha ar umbail suas le 5 cm ar leithead, a fhásann uirthi ina gcomhumbail bheaga oscailte, os comhair na nduilleog go minic.
- Sleamhain leathfhada éilipseach a bhíonn na torthaí ingearacha agus goba fada caola ina mbarr.
- Fástar go minic an chostóg ar son a duilleog cumhra, a úsáidtear mar bhlaiseadh.
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dúchasach don Oirdheisceart na hEorpa is ea an chostóg. Ach tugadh isteach i gcuid mhaith áiteanna eile í agus saothraítear go fairsing in áiteanna eile í. Bhuanaigh sí í féin mar phlanda fiáin ar thalamh díomhaoin I gcoiIlte agus faoi fhálta.
Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an chostóg fualbhrostach spreagthach díleách allasach agus glanann sí an fhuil. Is maith an íoc earraigh í. Óltar an tiosán chun na daitheacha, an gúta agus galar ae a mhaolú. Nitear an craiceann leis freisin, rud a thugann faoiseamh ó aicídí ainsealacha craicinn ar nós na heachma.
Tá luibheanna leighis ann a bhfuil an-dealramh acu le plandaí nimhiúla. Samplaí maithe de luibheanna leighis an chostóg is an pheirsil ach tá siad an-chosúil le peirsil amaide atá fíor-nimhiúil Is furasta an Pheirsil Amaide atá nimhiúil (Aethusa cynapium) a thógáil ina hamhlachas. Is fearr mar sin an chostóg shaothraithe a úsáid.