Corónú Shéarlais III agus Camilla
| ||||
Cineál | coronation of the British monarch (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 6 Bealtaine 2023 | |||
Suíomh | Abtheach Westminster, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Suíomh gréasáin | coronation.gov.uk |
Rinneadh ungadh agus corónú ar Rí Charles III Shasana agus Banríon Camilla ar 6 Bealtaine 2023. Ba é seo an daicheadú searmanas corónaithe i Mainistir Westminster.[1] Rinneadh Camilla, dara bean chéile an Rí Charles, a chorónú ina banríon chomh maith le linn na hócáide céanna.
Searmanas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leag Ardeaspag Canterbury agus ceannaire na hEaglaise Anglacánaigh coróin Naomh Éadbhard[3] (a rinneadh sa bhliain 1661) ar chloigeann an Rí Charles i Mainistir Westminster.[4] Cuireadh ola ungtha ar Shéarlas ar dtús. Ansin shuí sé ar an ríchathaoir.[5]
I ndiaidh scol trumpaí, lig an slua sa Mhainistir gáir mholta: "Dia leis an Rí Charles. Go maire an Rí Charles. Go maire an Rí go deo."
Bhí an searmanas taibhseachta a mhair dhá uair a chloig ar cheann de na hócáidí a ba shóúla agus ba mhaisiúla dá bhfacthas ó rinneadh Éilis a II a chorónú sa mhainistir chéanna 70 bliain ó shin i 1953. Cloiseadh an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury ag an searmanas.[6]
I ndiaidh an tsearmanais, d'fhág Charles agus Camilla an Mhainistir i gcóiste órga a tógadh don Rí Seoirse a III.[7] Chuaigh siad as sin go Pálás Buckingham faoi thionlacan 4,000 ball den arm ó 39 tír.
Níos déanaí, scaoileadh cúirtéis gunna ag Túr Londan agus in áiteanna eile sa chathair agus ar fud na Breataine, chomh maith le Gibraltar, Bermuda agus ar longa ar muir.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí breis is 2,000 aoi ar fad i láthair ag an searmanas. Tuairim is 100 milliún punt sterling a chosain an ócáid mhór an deireadh seachtaine seo.[8]
Bhí scáileáin mhóra curtha in airde ag roinnt údaráis áitiúla i dTuaisceart Éireann. Crochadh na scáileáin ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag Gairdíní Chaisleán Aontroma agus ar chladach Loch Bhéal Feirste i mBaile an tSiúrdánaigh.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí amhras ag méadú ag an am i measc an phobail agus go háirithe i measc an aos óig, maidir le ról na monarcachta, i bhfianaise na ndeacrachtaí móra i sochaí na Breataine. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal.[5]
Tharraing an corónú conspóid san Albain go hairithe. Bíonn an Lia Fáil le feiceáil i gCaisleán Dhún Éideann de ghnáth. Ach ar 28 Aibreán, tógadh amach an Lia Fáil agus tugadh é go Westminster.[9].Shuigh an rí nua ar an gcathaoir le linn an tsearmanais.[4]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhreastail an tUachtarán Michael D Higgins, agus a bhean chéile Sabina agus an Taoiseach Leo Varadkar ar an gcorónú i Mainistir Westminster., an chéad uair ag ceannairí an Stáit i bheith i láthair ag corónú mhonarc de chuid na Breataine. D'fhreastail an bheirt cheannaire chomh maith ar fháiltiú i bPálás Buckingham a eagraíodh mar chuid de shraith ócáidí a bhain leis an chorónú
Bhí baill de Shinn Féin i láthair ag an chorónú chomh maith. Dúirt Michelle O'Neill ar na meáin shóisialta gur mar Chéad Aire Ainmnithe ar Thuaisceart Éireann a bhí sí ag freastal ar an imeacht.[10] Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Síltear go dtéann traidisiún an tsearmanais siar chomh fada le ré Liam Concaire i 1066.
- ↑ ba eisean an rí deireanach ar choilíneachtaí Meiriceánacha na Breataine
- ↑ "St Edward's Crown" (as en) (2023-05-06). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-05-06). "Rí agus Banríon nua ar Shasana corónaithe i searmanas stairiúil" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Conradh na Gaeilge, Londain (6 Bealtaine 2023). "Corónú". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (3 Beal 2023). "‘Ní raibh aon fhadhb riamh agam léi’ – fáilte curtha ag Jeffrey Donaldson roimh úsáid na Gaeilge ag corónú Shéarlais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-06.
- ↑ ba eisean an rí deireanach ar choilíneachtaí Meiriceánacha na Breataine
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-05). "An tUachtarán Higgins le bualadh le Rí Séarlas i Londain" (as ga-IE).
- ↑ Reuters (2023-04-29). "Historic Stone of Scone reaches London for King Charles' coronation" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-05-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-06). "An tUachtarán agus an Taoiseach i Londain ag searmanas corónaithe" (as ga-IE).