Jump to content

Corn FIFA an Domhain 1930

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtCorn FIFA an Domhain 1930
Íomhá
CineálCorn Sacair an Domhain Cuir in eagar ar Wikidata
Ina bhfuil
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíFIFA Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)
Rannpháirtithe13 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
ÁitPocitos Stadium (en) Aistrigh (Montevideo)
Estadio Centenario (en) Aistrigh (Montevideo)
Estadio Gran Parque Central (Montevideo) Cuir in eagar ar Wikidata
TírUragua Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh13 Iúil 1930 – 30 Iúil 1930 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagrán1  (1930) Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú
BuaiteoirUruguay men's national football team Cuir in eagar ar Wikidata
Staitisticí
Cluichí18 Cuir in eagar ar Wikidata
Pointí70 Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannaire staitistiúilGuillermo Stábile (8 Cuir in eagar ar Wikidata)
José Nasazzi (8 Cuir in eagar ar Wikidata) Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht féachana590,549 (32,808 in aghaidh an imeachta)

1934 Cuir in eagar ar Wikidata

Comórtas idirnáisiúnta sacair ab ea Corn FIFA an Domhain 1930, an comórtas tionscnaimh de Chorn Sacair an Domhain.

Reáchtáladh an comórtas den chéad uair in Uragua idir an 13 Iúil agus an 30 Iúil sa bhliain 1930, agus bhí an bua ag an bhfoireann bhaile.

Roghnaigh FIFA Uragua ina thír aíochta ós rud é gur bhain an fhoireann náisiúnta an bonn óir i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1928, agus chun céad bhliain de neamhspleáchas na tíre a chomóradh.

Foireann Uragua
Uragua v. An Airgintín, cúl ag Héctor Castro.

Ní le Corn Domhanda 1930 a thosaigh an scéal, ach le Cluichí Oilimpeacha 1924. D'iontráil taidhleoir Uragua sna cluichí i bPáras i ngan fhios do dhaoine. Ní raibh buiséad ann don turas agus b’éigean d’oifigeach amháin morgáiste a thabhairt amach ar a theach chun an maoiniú cuí a fháil.[1]

Chuaigh Uragua ar thuras timpeall na Spáinne ar an mbealach go Páras. Bhí na sluaite faoi gheasa ag an bhfoireann agus a stíl phasála. Le linn an chomórtais ba iad an fhoireann is mó a mheall na sluaite. Seoladh an t-úrscéalaí Colette chun scríobh fúthu do Le Matin.

Nuair a bhuaigh Uragua bonn óir, d’fhógair an nuachtán El Día go raibh níos mó déanta ag an bhfoireann do chlú na tíre ná aon fheachtas bolscaireachta. Cuireadh saoire phoiblí ar bun nuair a d’fhill an fhoireann. Mhaígh Mundo Uruguayo gur léirigh an bua gur “náisiún sibhialta” a bhí in Uragua a d’fhéadfadh cultúr a easpórtáil chomh maith le mairteoil.

D’éirigh le hUragua bonn óir a bhaint sa sacar ag na cluichí Oilimpeacha in Amstardam arís in 1928.

Ansin chinn FIFA go raibh gá le Corn Domhanda a bhunú don sacar a sheasfadh ar a chonlán féin, agus theastaigh ó Uragua go ndéanfaidís óstáil air.[1]

Bhí Corn Domhanda 1930 ag teacht le comóradh 100 bliain bhunreachta Uragua. Bhain rialtas Uragua leas polaitiúil as an gcomórtas chun féiniúlacht idirnáisiúnta na tíre a chruthú os comhair an domhain. Bhí dul chun cinn foireann sacar Uragua bunaithe i mbuntáistí na hidé-eolaíochta batllismo. Idé-eolaíocht fhorásach ba ea é a leag béim ar lámh an stáit a úsáid ar son leasa shóisialacha. Bhí córas láidir oideachas stáit i gceist a raibh an cleachtadh coirp ina chroílár. Tógadh isteach an lá oibre ocht n-uaire agus tugadh an vóta do chách.

Rinneadh an Estadio Centenario, staid ollmhór sacair i bpríomhchathair na tíre Montevideo, a thógáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain.

Bhuaigh Uragua ar an Airgintín 4-2 sa chluiche ceannais agus b’fhíorú é go raibh rath ar scéimeanna batllismo. Cé gur tháinig an idé-eolaíocht faoi bhrú le linn an Spealta Mhóir sna 1930í, tá Uragua go fóill ar cheann de na stáit is forásaí dá bhfuil ann, le ceann de na daonraí is sásta i Meiriceá Theas; rud a léiríodh go hidirnáisiúnta de chéad uair le linn an Chéad Choirn Dhomhanda in 1930.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-06-19). "An Corn Domhanda agus an nasc idir an spórt agus an pholaitíocht" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-07-13.