Contractors (sraith teilifíse)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióContractors
TírÉire
Bealach teilifíseTG4

Sraith teilifíse faoi 8 gcriú conraitheoirí talmhaíochta as Co. na Mí, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, an Cabhán agus Dún na nGall a oibríonn i dtionscal na feirmeoireachta in Éirinn é Contractors. Tá an tionscal agus feirmeoirí ó cheann ceann na tíre ag brath ar chonraitheoirí den chineál seo agus obair dhúshlánach a bhíonn inti ó thráth go chéile. Sraith í seo ina dtugtar léargas ar leith ar shaol na feirmeoireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann agus ar na daoine atá ag obair ar an talamh.