Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill
An Ó Néill, Taoiseach Uí Néill Thír Eoghain, agus an 1ú Iarla Thír Eoghain
Réimeas c. 15191559
Dáta breithe 1480
Áit bhreithe Éire
Dáta báis 1559
Réamhtheachtaí Conn Mór Ó Néill
Comharba Feardorcha

Ba thaoiseach é Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill, 1ú Iarla Thír Eoghain (Béarla:Conn O'Neill, 1st Earl of Tyrone), (c. 1480-1559), ar an tiarnas Gaelach is mó agus is cumhachtachí in Éirinn. Sa bhliain 1541 thaisteal Ó Néill go Sasana chun géilleadh don rí Anraí VIII, mar chuid den pholasaí géilleadh agus athbhronnadh, ag an am céanna a cruthaíodh Ríocht na hÉireann. Bronnadh an teideal 'Iarla Thír Eoghain' air, agus lena chois sin, cuireadh  in áirithe dá mhac, Feardorcha (Béarla: Matthew, a hainmnigheadh ina Bharún Dhún Gheanainn, teacht in oidhreacht na hiarlachta.

Bean ó Dhún Dealgan, nach raibh maoin ná gradam saolta aice dob ea máthair Fheardorcha. Do thug an socrú sin, a rinneadar le Conn, ábhar athmhaltais do na Sasanaigh ina dhiaidh sin, arae níor chuireadar san áireamh, ar chor ar bith, ceart Sheáin, an duine ba shine de mhachaibh dlisteanach Chuinn. Fiú amháin, do réir dlíthe na Sasanach féin, (Primogenitor) dob é Seán oidhre ceart na hiarlachta.

Cuireadh pleananna Chuinn áfach de dhroim seoil, de bharr aighnis fhoréignigh chomharbais a raibh de thoradh air mac eile, Séan Ó Néill, teacht chun cinn.

Ar deireadh thiar, d'éirigh leis a gharmhac Aodh Ó Néill (Béarla: Hugh Ó'Neill), teacht i gcoróin mar 'Ó Néill', Ceann Fine de shliocht Uí Néill. agus mar an '2ú Iarla Thír Eoghain'.

Lean Aodh ar aghaidh le chomhghuaillíocht a sheanathair leis an gCoróin, go dtí gur éirigh sé amach in aghaidh na Sasanach mar cheannaire ar Reibiliún Thír Eoghain agus ina dhiaidh sin Imeacht na nIarlaí.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba nhac le Conn Mór Ó Néill é mac Conn Bacach, Taoiseach Thír Eógain, agus an bhantiarna Eleanor Fitzgerald. Ba nhac é Conn Mór d'Anraí Ó Néill, Taoiseach Thír Eoghain. Ba é Eleanor Fitzgerald iníon Thomáis Mhic Mhuiris Mhic Gearailt, 7ú Iarla Chill Dara. Ba é Conn Bacach Ó Néill an chéad cheann de na Niallaigh a thug na Sasanaigh, ina n-iarrachtaí ar Éirinn a chur faoi chois sa 16ú haois, chun cinn mar cheannairí na nGael. Dúnmharaíodh a athair, taoiseach Thír Eoghain, sa bhliain 1493, ag a uncail (deartháir a athair).

Tofa ina 'Ó Néill'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Conn mar thaoiseach de ghéag Uí Néill Thír Eoghain (Cenél nEógain) c. 1519, tar éis bháis a uncail. Ag an am sin, d'fhonn an teideal 'Ó Néill' a ghlacadh, chiallaigh sé sin go rabhthas ag gabhail ceannais ar phobal uilig na Niallach. Nuair a cheapadh a dhuine muintearth, an t-Iarla Chill Dara, ina Fhear Ionaid an Rí sa bhliain 1524, d'aontaigh Ó Néill bheith ina chlaíomhsoire dó i searmanais stáit; ach gur ábhar pearsanta a bhí i leith a dhílseachta, agus cé go raibh sé réidh go leor chun dearbhú ó bhéal a thabhairt i dtaobh a chuid dhílseachta, níorbh fhéidir tabhair air gialla a thabhairt do na Fir Ionad níos déanaí ar aghaidh mar dhliteanas as a iompar.

Thaisteal Ó Néill go Sasana chun géilleadh don rí Anraí VIII a bhí nua-bhunaithe mar Rí na hÉireann.  Bhí seo mar chuid den pholasaí 'géilleadh agus athbhronnadh', ina raibh ar na taoisigh Ghaelacha géilleadh go foirmiúil d'ardcheannas  an Choróin.

Ionradh agus géilleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le heisreachtú an Iarla Chill Dara agus tar éis an reibiliúin, chuaigh sé i bpáirt lena ghaolta cleamhnais na Gearltaigh. D'fhéach comhghuaillíocht, dá ngairtear Léig na nGearaltach le hathghairma comharba thiarnas na nGeartach, gan cur isteach ón Rí Anraí VIII Shasana. Spreagadh an reibiliún leis an aidhm gur féidir fáil réidh leis an eaglais Phrotastúnach Shasana in Éirinn, sa mhéid is gur scríobh an Pápa Pól III go Conn go pearsanta, ag tabhairt "Rí dár Réimse in Éirinn" air, a ghriosú troid in éadanan Rí Anraí sa bhliain 1538.

Tar éis ionradh a dhéanamh ar Thír Eógain ag Sir Anthony St Leger, an Fear Ionaid, sa bhliain 1541, bhí Conn agus Léig na nGearaltach treascartha agus rinne sé géilleadh. Thug Conn ar láimh a mhac Feidhlimidh Caoch mar ghiall. D'fhreastail sé ar pharlaimint a tionóladh i mBaile Átha Troim, agus, ag trasnú go Sasana, chuaigh sé leis an bProtastúnachais, agus ghéill sé ag Greenwich d'Anraí VIII. Cheap Anraí é ina Iarla Thír Eoghain ar feadh a shaoil, agus thug sé airgead dó agus slabhra óir luachmhar. Rinne ríchomhairleoir de in Éirinn chomh maith, agus fuair sé deontas tailte laistigh denPháil ar a dtugtar Baile Ghrífín.

Cogadh cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an eachtra seo i bhfeidhm go mór in Éirinn, áit a raibh olc ar a chuid finíoch agus cleithiúnaithe roimh ghéilleadh 'Ó Néill' don rí Sasanach, agus roimh theideal Sasanach a ghlacadh.

Chaith an tIarla an chuid eile dá shaol ag déanamh iarracht a thionchar a chothabháil, agus trí achrann síor lena mhac níos óige, Seán, ag éiri as a idirbheart le Anraí VIII. Toisc, ní hamháin gur raibh ainmniúchán Fheardorcha (Béarla: Matthew)ina chomharba leis an teideal Barún Dhún Geanainn ag na Sasanaigh i gcoimhlint le gnás ársa na hÉireann 'tánaisteach', rud a d'fhostaigh 'dearbhfhine' chun rialacha dochta maidir le caidreamh díreach laistigh de 'phórlínte fireanna chun cáilíocht a rialáil i gcomhair insealbhaith an taoisigh, ach lena chois sin bhí go leor amhrais ag baint le maíomh Fheardorcha gur fhíormhac Chuinn é, ar an chuid is mó neamhdhlisteanach, agus an rud is measa fós go raibh sé uchtaithe [1][2]agus roghnaithe roimh a chlann mhac féin ar mhaithe le a mháthair (sé sin, Alison Kelly Roth.). Ba í Alison leannán luí is déanaí Chuinn agus d'admhaíodh go poiblí gurb é a fear céile, ghabha dhubh ó Dhún Dealgan, athair Fheardorcha,[3] le sé bliana déag anuas, tar éis é a sheacht déag bliana roimhe sin. Ní raibh Seán sásta (Seán an Díomais), an mac dlisteanach is sine Chuinn, tar éis gur dhúnmharaíodh tacadóir de chuid Fheardorcha Feidhlimidh Caoch, géilleadh go huamhal le haon sáraithe ar a cheart comharbais. Níor chríochnaigh an t-aighneas fíochmhar, ina raibh tacaíocht láidir ag Feardorcha ó riarachán Chaisleán Bhaile Átha Cliath, go dtí gur dhúnmharaíodh Feardorcha ag gníomhairí Sheáin sa bhliain 1558.

Pósadh agus páistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pósadh Conn faoi dhó, agus bhí go leor mac aige. Ba í an Bhantiarna Alice Nic Gearailt a chéad bhean chéile, iníon Gearóid Mór Mac Gearailt, an 8ú Iarla Chill Dara agus céad col ceathrar Chuinn.[4] B'é a mhac aitheanta ná Feidhlimidh Caoch Ó Néill. Go luath sa bhliain 1542, maraíodh mac Uí Néill (Felim Caoch) le caitheamh amháin slea ag an ghallóglach Mac Domhnaill" de réir na hiontrála a thaifead a bhás in Annála na gCeithre Máistrí in Éirinn, [5]díreach roimh ghéilleadh a athar don rí Anraí VIII. Bhí an dara bhean aige, Sorcha Ní Néill, iníon Aodha Óig Uí Néill, taoiseach iomráiteach Uí Néill Chlann Aodha Buí. Tá difríocht idir fhoinsí maidir le máthair Sheáin an Díomais, Roinnt á rá gurb é mac Chuinn agus Shorcha,[6] agus cuid acu den tuairim gurb é mac Chuinn agus na bantiarna Alice Nic Gearailt é.[7].

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag Conn Bacach agus é in earr a shaoil sa bhliain 1559 agus bhí a thailte agus a theaghlach trí chéile in a dhaidh sin. Gaireadh 'Ó Néill' de Sheán san Tulach Óc, de réir an tsean-nóis. Chuir Sidney, an Fear Ionaid, ina choinne sin agus d'fiafraigh Seán de cad chuige. Dúirt Seán go raibh sé de cheart aige an teideal 'Ó Néill' do ghabháil chuige. Ní raibh focal le rá ag Sidney ina choinne sin; ná ag Eilís I Shasana í féin, agus chuir Seán litreacha séimhe chuici i Laidin ghá mholadh féin i leith is nach raibh fear ins na trí ríochtaí comh humhal dí is bhí sé féin, agus ag gealladh dí go n-imreodh sé a anam lá ar bith ina seirbhís.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Morgan, Hiram Tyrone's Rebellion, RHS & Boydell, (1993) pp. 86–7 the genealogy Hiram Morgan has prepared notes Matthew as "affiliated".
  2. See: Fiona FitzSimons, ‘Fosterage and Gossipred in Late Medieval Ireland: Some new evidence’ in Patrick J. Duffy, David Edwards and Elizabeth FitzPatrick (eds), Gaelic Ireland c. 1250–1650 Dublin, 2001, pp 138–152
  3. Brady, Ciaran. Shane O' Neill, HAI, 1996, p 22
  4. "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (1998). Routledge. Retrieved on 7 April 2017. 
  5. The Four Masters, [ed. John O'Donovan] Annals of the Kingdom of Ireland from the Earliest Times to the Year 1616, Third edition, De Búrca Rare Books (Dublin, 1990). p. 1467.
  6. "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2009). Cambridge University Press. Retrieved on 6 April 2017. 
  7. Acts of the Privy Council in Ireland 1556-1571, pg. 107,298