Conmhaicne Dhúin Mhóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conmaícne Dúna Móir)

Dream agus tuath ársa i gcúige Chonnacht ba ea Chonmhaicne Dhúin MhóirCineál Dhubháin (Sean-Ghaeilge Conmaícne Dúna Móir, Cenéoil Dubáin).[1][2]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort.[3][4][5]

Críocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir T. H. Knox, bhí ann sa tuath ná barúntacht Dhúin Mhóir, cuid de Béal Átha Mó, agus ar a laghad paróiste Béal Chláir.[1][6] Molann O'Donovan ámh nach raibh inti ach Dún Mór féin.[7][8][9]

Luath-dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Faightear that ar bhaile Dhúin Mhóir (dóite sna blianta 1249, 1284 agus 1315, agus balla tógtha thart air sa bhliain 1280) talamh ardú ó thuaidh, agus criathrach thoir agus thiar.[6] Bhíodh suíomhanna le mótaí le fáil ó dheas agus thiar ag Dairbhre Thuaidh, An Cheathrú Mheánach agus Dún Baile. Bhíodh cónaí ar dhaoine go formhór i n-oir-dheisceart Chineál Dhubháin.[10]

Clanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 800 ar aghaidh, d'éirigh clann Uí Bhriúin Aoi i gceannas mar phríomhchlann na gConnacht, agus lonnaigh siad clanna (Síol Mhuireadhaigh) i dtuatha éagsúla, Conmhaicne Dhúin Mhóir san áireamh.[11]

Ath-ainmníodh níos deireanaí Caisleán Chonmhaicne Dhúin Mhóir go Dún Mór Fheorais.[12]

Nasc le Naomh Pádraig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhunleagan de Vita tripartita Sancti Patricii, dúirt Tíreachán go ndeachaigh Naomh Pádraig trí Chonmhaicne Dhúin Mhóir ar a shlí chuig Conmhaicne Coille. Ní aithníodh cealla Phádraig i gConmhaicne Dhúin Mhóir.[9][13][14]

Mainistir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh mainistir Agaistíneach ag Dún Mór, ag na Normannach sa bhliain 1425.[15]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála na gCeithre Máistrí
  • MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
  • Knox, Hubert Thomas (1908). "The History of the County of Mayo, to the close of the sixteenth century". Dublin: Hodges, Figgis & Co., Ltd. 
  • O'Donovan, John (1862). "The Topographical Poems of John O'Dubhagain and Giolla Na Naomh O'Huidhrin". Baile Átha Cliath: printed for the Irish Archaeological and Celtic Society by Alexander Thom, 87 & 88 Abbey-Street. 
  • Walsh, Paul (1940). "Connacht in the Book of Rights". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society XIX, Nos. i & ii, 19 (1/2): 1–15. Galway Archaeological & Historical Society. JSTOR 25535199. 
  • Neary, J (1912). "On the History and Antiquities of the Parish of Dunmore, IN THE BARONIES OF DUNMORE AND BALLYMOE, Co. GALWAY". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 8 (2): 94–128. Galway Archaeological & Historical Society. JSTOR 44971915. 
  • Holland, Patrick (1997). "The Anglo-Norman Landscape in County Galway; Land-Holdings, Castles and Settlements". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 49: 159–193. Galway Archaeological & Historical Society. JSTOR 25535678. 
  • Mac Néill, Eoin (1932). "The Vita Tripartita of St. Patrick.". Ériu iml. 11: 1–41. JSTOR 30008085. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Knox 1908, p. 19.
  2. O'Donovan 1862, p. XLII.
  3. MacKillop 2004.
  4. AFM, p. 417.
  5. Walsh 1940, p. 6.
  6. 6.0 6.1 Holland 1997, p. 165.
  7. O'Donovan 1862, p. xlii.
  8. Walsh 1940, p. 7.
  9. 9.0 9.1 Neary 1912, p. 105.
  10. Holland 1997, p. 166.
  11. Knox 1908, p. 38.
  12. Neary 1912, p. 95.
  13. Knox 1908, p. 28.
  14. Mac Neill 1932, p. 19.
  15. Neary 1912, p. 96.