Collann
Collann | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Lú | |||
Toghroinn | Collann | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 128 m | |||
Logainm.ie | 33532 agus 1412201 |
Baile in Éirinn is ea Collann[1] (Béarla: Collon). Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i gContae Lú. Bhí 564 duine ina gcónaí sa tsráidbhaile féin sa bhliain 2006, 1,306 agus an ceantar máguaird curtha san áireamh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ghnách le Collann a bheith le Mainistir Mhór agus dhearbhaigh Anraí II é don ab ag deireadh an dara haois déag.[2] Tá dhá shráid sa sráidbhaile a dtrasnaíonn a chéile ag an séipéal.[2] Tá rath an lae inniu ann mar gheall ar na Fosters a bhunaigh tionscal cadáis agus a d'fhostaigh breis agus sé chéad díog le tamall.[2] Rinneadh línéadach anseo freisin, áfach, tá deireadh leis an tionscal cadáis.[2] Bhí tuar-uaine ann a d'fhostaigh os cionn caoga duine, le hinneall gaile agus muileann lín freisin.[2] Bhí trí mhuilinn arbhair sa bhaile a d'oibrigh ag úsáid cumhachta gaile agus uisce.[2] Ar an 20ú Meán Fómhair 1229, dheonaigh Anraí II margadh don ab agus do chlochar Mainistir Mhór Dé Máirt i gCollann; tá teach margaidh agus i dtuaisceart an tsráidbhaile ina raibh na margadh ar siúl.[2] Tá an séipéal i gCollann deartha in ailtireacht Shasana ar stíl área agus tógadh í sa bhliain 1813.[2] Faoin eaglais tá áit adhlactha an teaghlaigh Foster.[2]
Tá tobair uisce aolchloiche ar phríomhshráid an tsráidbhaile agus ba bhronntanas é ón Urramach Alexander Bradford.[3] D'fhoin sé mar choimeádaí an pharóiste agus bhain an tUrramach Daniel Beaufort taitneamh as an ioncam.[3] Nuair a d'éag Beaufort i 1821, rinneadh Reachtaire Collann de theaghlach Breadford.[3] Léiríonn foirm Ghotach an tobair uisce an eaglais.[3] Tháinig an t-uisce as béal leoin práis ar dtús, ach de réir a d'athraigh na sráide, rinneadh asraon.[3]
Tógadh teach Collann i 1740.[4]Bhí Anthony Foster ina chónaí ann[4]. Tá seandachtaí agus pictiúir sna seomraí sa teach seo ón tréimhse ama sin a thaispeánann an stíl ón tréimhse luath-Seoirisiach.[4]
Reiligiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Eaglais na hÉireann i gCollann suite ar fhána ó dheas agus is egalais Thúdarach-Ghotach í a dhear Daniel Beaufort a raibh tionchar ag an séipéal air ag Kings College Cambridge.[5] Tá láithreach cheannasach aige i ndeisceart an tsráidbhaile.[5] Tá bailchríoch cloiche atá inniúil go teicniúil ar an taobh amuigh, mar shampla na tacaí ochtagánacha ag ardú as cuimse agus na cóirithe fuinneoige mín.[5] Tá fuinneoga gloine dhaite ann freisin.[5] Tá fianaise ann go raibh láithreacht reiligiúnach sa cheantar seo le roinnt céadta bliain mar gheall ar na marcálacha uaighe níos luaite mar shampla thaispeánann dáta 1808.[5] Tá díon na heaglaise seo á hathmhúnlú faoi láthair.
Tá Eaglais Mhuire gan Smál suite i lár an Chollann agus ba é John Murray a dhear é.[6] Is foirgneamh maorga sa sráidbhaile.[6] Taispeánann sé ábhair ar ardchaighdeán ar a bhfuil mionsonraí cloiche snoite mín atá in ómós do cheardaithe an naoú haois déag.[6] Tá dhá scáth aolchoiche ar an bhfoirgneamh a chuimsíonn an t-achomharc aeistéitiúil.[6] Tá gloine dhaite ar an taobh istigh den séipéal atá le Earley agus Mayer agus freisin mar shéadchomharthaí agus feistis.[6]
Bhí an Mhainistir Nua Mhór ina diméin mhór do Anthony Foster i lár an ochtú haois déag.[7] Bhí foirgneamh ornáideach aige sa lár, teampall brag Doric agus teampall Oriel.[7] Bhí na Fosters ina gcónaí i dTeach Collann atá ó dheas ón diméin ag an gcrosbhóthar.[7] Rinneadh an teampall ina 'Villa Samhraidh' ag deireadh an ochtú haois déag.[7] Is tírdhreach droimneach coillteach agus saothraithe go páirteach.[7] Tá foirgneamh gairdín agus loch ann freisin.[7] Níl cúig chéad acra de chrannlann a chuir John Foster i dtús an naoú haois déag ann inniu ach tá cuimhne air i dtagairtí stairiúla.[7] Tá saol manachúil ag na manaigh atá ina gcónaí i Mainistir Mhór inniu de réir rialacha Naomh Benedict sa traidisiún Cistéireach.[8] Mar gheall ar ghairm phearsanta, tiomnaíonn siad iad féin d'adhradh Dé i saol i bhfolach laistigh den mhainistir.[8] Tuileann na manaigh a mbeatha le hobair a lámha, is é sin tríd an bhfeirm agus an t-ionad garraíodóireachta.[8] Tá obair le déanamh ag gach manach mar shampla sa chistin, cothabháil tí, aire a thabhairt do dhaoine breoite nó Aosta agus aire a thabhairt do na tailte.[8]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit bheag le daonra beag é Collann. Tá sé in ardheisceart contae Lú. Tá sé 52 ciliméadar go Baile Átha Cliath ó Chollann, 10.9 ciliméadar go Baile Átha Fhirdhia agus 12.1 ciliméadar go Dhroichead Átha. Tá Sliabh Collann suite i gCollann.[9] Is cruinniú mullaigh sléibhe é.[9] Tá sé 251 méadar ar airde.[9] Tá ferim ghaoithe lonnaithe i gCollann freisin.[10] Tá cúpla muileann gaothe lonnaithe anseo. Soláthraíonn na tuirbíní gaothe seo cumhacht do na tithe i gCollann agus sna ceantair máguaird.[10]
Ritheann Abhainn an Mháiteog trí Chollann.[11] Is fo-abhainn de bhó na habhann é.[11] Sreabhann sé san oirdheisceart go dtí go sroicheann sé siar ó Thúr an Dromainn i gCúil Fobhair.[11] Anseo tosaíonn sé ag teorainn idir an chontae Mhí agus Lú.[11]
Is cairéal nach bhfuil in úsáid anois an cairéal i gCollann.[12] Rinneadh cairéal bolcánach Ordóice a chairéalú as seo.[12] Bheadh na carraigeacha seo curtha le chéile i 1952.[12]
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a lán áiseanna i gCollann. Tá músaem cogaidh agus páirc teaghlaigh ann. Taobh istigh de seo tá míreanna difriúla atá ón chéad cogadh domhanda agus ón dara cogadh domhanda.[13] Tá ciorcad rásaíocht Whiteriver Park Kart ann. Is ciorcad rásaíocht cart nua-aimseartha lasmuigh é seo.[14] Is é seo an phríomh-áis cartála lasmuigh in Éirinn.[14] Tá buille agus amas suite i gCollann freisin.[15]Bunaíodh é i 1989 agus osclaíodh é i 1993.[15] Bhí tearmann ainmhithe ann freisin ina dtugtar ainmhithe go dtí go bhfaightear teach oiriúnach dóibh, ach dúnadh é sin ar an drochuair in 2020. Tugtar bear agus bialann fíona No.3 ar an mbialann i gCollann agus bunaíodh é i 2016.[16]
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá scoil náisiúnta i gCollann freisin. Tógadh é i 1845 agus tá os cionn dhá chéad tríocha mac léinn ann.[17] Nuair a osclaíodh an scoil den chéad air i 1845, bhí dhá sheomra ranga ann do bhuachaillí agus do chaillíní.[17] D'oscail sé ag a naoi a chlog go dtí a ceathair Dé Luain go hAoine agus ar an Satharn d'oscail sé ó a naoi go dtí a dó dhéag.[17] Bhí timpeall nócha buachaill agus seachtó cailín ann agus bhí Berit mhúinteoirí ann.[17] Cuireadh síntí leis an scoil i 1950, 1970, 2005 agus 2015.[17]
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Peile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Club Máiteog i 1952.[18] Ainmnítear an club I ndiaidh Abhainn Máiteog a théann tríd an sráidbhaile ar a bhealach chuig Abhainn na Bóinne.[18] Bhí an club san iomaíocht den chéad air I 1953 sa dara Roinn Sóisearach i Lú.[18] Bhuaigh Club Máiteog Craobh na Sóisearach i 1961.[18] Bhuaigh an club a chéad Chomórtas sinsearach Contae i 1976.[18] Cuireann an club foirne faoi aois, foirne cailíní/mná, foirne iomána agus foirne camóige ar fáil freisin.[18]
Tá a club suite ag bun Lána na Scoile aus soláthraíonn sé clubtheach mór agus páirc lanmhéide.[18] Tá faichí eile ann freisin d'fhoirne oiliúna agus don aos óg le soils tuile.[18] Tá limistéar oiliúna sa chúirt lánmhéide faoi dhíon ar féidir leis na foirne a úsáid.[18] Tá gionmnáisiam lánfheistithe, seomra sabhna, cistin, seomraí feistis agus seomraí cruinnithe i dteach an chlub.[18]
I 2019, bhuaigh Club Máiteog ar Chill Choirle sa chraobh idirmheánach agus chuaigh siad ar aghaidh ansin go dtí craobhchomórtas idirmheánach na líneach ar bhuail siad Muileann an Bhata agus ansin chuaigh siad ar aghaidh arís go dtí an cluiche leathcheannais uile in Éirinn le brille ag Machaire Cluana.
Spóirt eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cúirt leadóige phríobháideach suite i gCollann agus tá sé ar shráid Bhaile Átha Fhirdhia i gCollann.[19]
Reácháiltear ranganna karate agus dornálaíochta i halla an pharóiste áitiúil i gCollann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Collann/Collon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 2.8 "Collon, a post-town and parish" (2020-11-25).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "The Irish aesthete" (2020-11-25).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Collon House" (2020-11-25).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Collon Church of Ireland" (2020-11-25).
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 "Church of Mary Immaculate" (2020-11-25).
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 "New Mellifont Abbey" (2020-11-26).
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 "Mellifont Abbey" (2020-11-26).
- ↑ 9.0 9.1 9.2 "Sliabh Collann" (2020-11-26).
- ↑ 10.0 10.1 "Collon Wind Power Limited" (2020-11-26).
- ↑ 11.0 11.1 11.2 11.3 "Mattock River" (2020-11-26).
- ↑ 12.0 12.1 12.2 "Quarry" (2020-11-29).
- ↑ "Irish military war museum" (2020-11-27).
- ↑ 14.0 14.1 "Whiteriver Park" (2020-11-27).
- ↑ 15.0 15.1 "Louth Pitch and Putt" (2020-11-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-16.
- ↑ "No.3" (2020-11-27).
- ↑ 17.0 17.1 17.2 17.3 17.4 "Collon National School" (2020-11-27).
- ↑ 18.00 18.01 18.02 18.03 18.04 18.05 18.06 18.07 18.08 18.09 "Mattock Rangers" (2020-11-28).
- ↑ "Tennis" (2020-11-29).[nasc briste go buan]
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |