Coláiste Gaeilge Philib Barún, Gleann an Eireabaill, Garrán Fheannóige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Gaeilge Philib Barún, Gleann an Eireabaill, Garrán Fheannóige
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1835
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteBealtaine 1835 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Bunaíodh Coláiste Gaeilge Philib Barún, Gleann an Eireabaill, Garrán Fheannóige sa bhliain 1835. Ba é Pilib Barún (1802 – c.1844) a bhunaigh i mBaile na Bánóige, Contae Phort Láirge.

Rugadh Pilib i dTeach Dharú (Durrow House) sa tSráidbhaile. Fear aislinge neamchoitianta ab ea é maidir le litríocht na Gaeilge agus ba é mian a chroí an Ghaeilge a chur ar stádas comhchéime le teangacha móra eile na hEorpa. Chuir sé roimhe spiorad an phobail Ghaelaigh a mhúscailt tráth a raibh lagmhisneach orthu agus iad faoi riail Shasana. Bhí sé ar intinn aige go mbeadh scríobhaithe na Gaeilge ag saothrú leo sa choláiste nua, ag cóipeáil lámhscríbhinní agus ag aistriú téacsanna Laidine agus Gréigise go Gaeilge.

Ar na tionscnaimh iomadúla a raibh lámh ag Pilib iontu, bhí bunú na hirise Ancient Ireland, a foilsíodh idir Eanáir agus Bealtaine 1835, an bhliain chéanna a bunaíodh an Coláiste Gaeilge. Leis an iris agus an coláiste bhí sé mar aidhm ag Pilib léann agus foghlaim na Gaeilge a athbheochan in Éirinn. Foilsíodh líníocht de Choláiste Philib Barún sa cheathrú heagrán de Ancient Ireland, ina léirítear an tionchar a bhí ag an ailtireacht Ghotach ar an bhfoirgneamh.

Lá Caille 1835 a d’oscail doirse an choláiste don phobal agus bhí réimse leathan spreagúil ábhar ar an gcuraclam, Gaeilge, Béarla, Laidin, Gréigis, Eabhrais, Scríbhneoireacht, Rúnscríobh, Loingseoireacht, Miosúireacht, Tíreolaíocht agus Stair ina measc.

Faoin am a tháinig mí na Bealtaine 1835 áfach, bhí doirse an choláiste dúnta arís. De cheal fianaise ó iar-scoláirí ná ó dhaoine comhaimseartha, ní heol dúinn cad ba chúis lena chríoch obann. Níl againn ach cuntas ón scoláire agus an t-údar Maitiú de Buitléir ó Ghailtír ón mbliain 1916 a deir nach raibh fágtha den togra uaillmhianach úd sa mbliain sin ach fothrach 18 méadar ar fhad agus 14.5 méadar ar leithead. Ní mhaireann rian ar bith den choláiste inniu.

Bhí saol an-suimiúil ag Pilib Barún. D’fhág sé Coláiste na Tríonóide gan chéim agus cheannaigh sé an nuachtán Waterford Chronicle. Bhí air teitheadh ón tír sa bhliain 1827 tar éis dó cás clúmhillte a tógadh ina choinne a chailliúint. D’fhill sé ar Éirinn roinnt blianta ina dhiaidh sin agus thug sé faoi bhunú an Choláiste agus na hirise Ancient Ireland. Cailleadh Pilib ar deoraíocht agus tá sé curtha in uaigh anaithnid áit éigin san Eoraip.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-alt seo bunaithe, le cead, ar théacs a scríobhadh do chomhartha eolais atá lonnaithe thart ar 500 méadar siar ón láthair féin. Áine Uí Fhoghlú a scríobh an buntéacs agus is iad Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Máire Seó Breathnach agus an tOifigeach Oidhreachta Bernadette Guest a choimrigh an téacs.