Coisceas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilCoisceas
Foirmle
Cuir in eagar ar Wikidata


Coisceas

I gciorcaid srutha ailtéarnaigh (SA), tomhas ar an teorannú ar shruth, ar aon dul leis an bhfriotaíocht i gciorcaid srutha dhírigh (SD). Sainmhínítear é mar an voltas, roinnte ar an sruth. Úsáidtear Z mar shiombail dó, agus tomhaistear é in óim (Ω). Is cainníocht choimpléascach é, le cuid réadach atá cothrom leis an bhfriotaíocht, agus cuid shamhailteach a bhraitheann ar ionduchtas is toilleas na gcomhbhaill ciorcaid. Sa chás seo bíonn difríocht pais idir an sruth meandarach is an voltas meandarach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coisceas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.