Jump to content

Coimisiún Oidhreachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisiún Oidhreachta
Sonraí
Cineálcomhlacht poiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Bealtaine 2024

Suíomh gréasáinicrir.independent-inquiry.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Buamáil Guildford sa bhliain 197; sa Horse and Groom

Bunaíodh Coimisiún de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe, an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Eolais (CNAAE)[1][2] sa bhliain 2024. Athainmníodh é sa bhliain 2025 mar An Coimisiún Oidhreachta.[3] Ritheadh Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023, dlí na Ríochta Aontaithe chun stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[4]

D’eascair an CNAAE as an bplean conspóideach de chuid na dTóraithe a gheall cosaint ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí as eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí. Dá bharr rith rialtas na Breataine reachtaíocht chun bac a chur ar chúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta ‘chun líne a tharraingt faoi na dTrioblóidí’ a dúradar.

Scrúdódh an CNAAE cásanna stairiúla in ionad iad a fhágáil faoi riar na córa.[5] Tá cumhacht ag an CNAAE amharc ar 3,500 dúnmharu a tharla le linn na dTriobóidí ach ní raibh an foras ag fiosrú ach ocht gcás i mí Dheireadh Fómhair 2024).[6]

Níl de chumhacht ag an CNAAE daoine a ghlao chuig fiosrúchán agus níl rochtain acu ar an eolas uilig nó níl cead ag an Státrúnaí aon rud a bhaineann le ‘slándáil náisiúnta’ a chur as an áireamh.[7]

Sin ráite, rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste go mbeadh an Coimisiún ábalta fiosruithe éifeachtacha a rith a shásódh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[8][9]

Ghlac Sir Declan Morgan, a bhí ina phríomhbhreitheamh i dTuaisceart Éireann, le cathaoirleacht an Choimisiúin. Mhaígh Morgan go gcinnteodh sé go mbeadh obair an Choimisiúin ag teacht leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.

Roghnaigh an CNAAE cás Bhuamáil Guildford sa bhliain 1974 a fhiosrú sa chéad dul síos. "Déanfaidh cás Guildford tástáil ar cé mhéad cumhachta agus éifeacht na gcumhachtaí atá ag an gCoimisiún."[5]

D'fhoilsigh an dá Rialtas (na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe) creatcháipéis maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí ar an 19 Meán Fómhair 2025.[10]

  • Rinne athainmniú, mar An Coimisiún Oidhreachta, ar an bhforas iniúchta i mí Mheán Fómhair 2025.
  • Tugadh cead dó imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna agus ionchúisimh a thionscnamh de bhun na fianaise más gá.
  • Bunaíodh foras eile, an Coimisiún Neamhspleách um Aisghabháil an Eolais (ICIR) chun tuarascálacha do theaghlaigh a thabhairt.
  • Sa Deisceart, cuireadh Aonad Oidhreachta ar bun in An Garda Síochána mar phointe teagmhála ar leith[3] agus le ceisteanna a bhaineann le lorg na coimhlinte a láimhseáil.[10]
  • Chinn Rialtas na hÉireann le €25 milliún a chur ar fáil idir 2025-2028 d'fhulangaithe, lena n-áirítear daoine a gortaíodh nó ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na coimhlinte.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Coimisiún um Athshlánú Eolais agus Athmhuintearas (nó Faisnéise). I mBéarla, Independent Commission for Reconciliation and Information nó an ICRIR
  2. "Home page" (en-GB). Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery. Dáta rochtana: 2024-09-14.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-09-19). "Comhbheartas fógartha faoi oidhreacht na dTrioblóidí" (as ga-IE). 
  4. Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  5. 5.0 5.1 Póilín Ní Chiaráin (11 Meán Fómhair 2024). "Ní chothóidh moilleadóireacht muinín go bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a gceart" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-14.
  6. Nuacht RTÉ (2024-10-24). "Fonn an tAcht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm" (as ga-IE). 
  7. Ciarán Ó Pronntaigh < Meon Eile (30 MF 2024). "ICRIR - buille fill". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-10-01.
  8. "High Court confirms ICRIR’S independence and ability to conduct ECHR compliant investigations" (en-GB). Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery (2024-02-29). Dáta rochtana: 2024-09-14.
  9. "Reconciliation and the Legacy Act: A Human Rights Perspective | Research | Queen's University Belfast" (en). www.qub.ac.uk (2019-10-18). Dáta rochtana: 2024-09-14.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2025-09-30). "Oidhreacht na dTrioblóidí le plé ag an gComhaireacht" (as ga-IE).