Cogadh Saoirse na hAilgéire
Lipéad sa teanga dhúchais | (ar) ثَوْرَةُ تَحْرِيرِ الْجَزَائِرِ، الثَّوْرَةُ التَّحْرِيرِيَّةُ الْجَزَائِرِيَّةُ |
---|---|
Cineál | war of independence (en) cogadh saoirse náisiúnta |
Ainmnithe in ómós | an Ailgéir |
Cuid de | an Cogadh Fuar |
Tréimhse | 1 Samhain 1954 - 9 Meán Fómhair 1962 |
Dáta na bliana | 1 Samhain 1954 |
Príomhábhar | náisiúnachas na hAilgéire flaitheas |
Suíomh | an Fhrainc, An Fhrainc |
Oibreoir | Na hAilgéaraigh, pieds-noirs agus Organisation armée secrète |
Líon básanna | 1,500,000 39,322 |
Meán cumarsáide | |
Croineolaíocht | |
Congress of Soummam (en) | |
Comhaontú Évian | |
Codanna | |
Saothar iomlán ar fáil ag URL | archive.org… |
Ba cheann de na cogaí díchóilínithe ba thábhachtaí agus ba chasta é Cogadh Saoirse na hAilgéire (1954–62). Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh san Ailgéir sa tréimhse seo. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí san Ailgéir. Bhí an t-achrann chomh dona sin gur bheag nach raibh cogadh cathartha sa bhFrainc dá bharr.
Bhí na Harkis (dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéaracha) i gcoinne an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte), Gluaiseacht Náisiúnta na hAilgéire (MNA), le tacaíocht ón bPáirtí Cumannach Francach agus Páirtí Cumannach na hAilgéire. Ag an am chéile, bhí na Pieds-Noirs (na hAilgéir-Eorpaigh) ina liobrálaigh (Eorpaigh-Ailgéirigh), le roinnt Arab-Ailgéirigh, a bhí i bhfabhar an neamhspleáchais.
Tá an cogadh tábhachtach ó thaobh
- na stailce treallchogaí,
- na troda 'maquis', sceimhlitheoireacht in aghaidh ghnáthdhaoine ar gach taobh,
- an sceimhlitheoireacht a rinneadh ar an dá thaobh,
- agus na coimhlintí idir arm na Fraince, na Pieds Noirs agus an grúpa dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéaracha, nó na Harkis.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús na 1950idí, rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a ath-thógaint. Ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag Cath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhris Cogadh Saoirse na hAilgéire amach san Ailgéir.
1954
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1954, bhí an Ailgéir fós measta mar chuid inmheánach den Fhrainc.
I Mí na Samhna 1954, i rith an Toussaint Rouge (Samhain na Fola), thit rialtas na Fraince as a chéile (an Ceathrú Poblacht a bhí i réim). Faoi ordaithe rialtas Guy Mollet (SFIO nó Sóisialach), thosaigh arm na Fraince feachtas "síothú" san Ailgéir. Chas an "oibríocht Ordaithe Poiblí" go tapa i gcogadh iomlán.
Bhí na hAilgéaraigh i dtús báire i bhfabhar na síochána, ag díriú i gcomhair an neamhspleáchais iomláin. Scoilt an Fhrainc de bharr cúrsaí san "Ailgéir Fhrancach" (l'Algérie Française), caomhnú an rialtas, agus ghlacadh le idirbheartaíocht agus stádas idir Rialtas Dúchais agus iomlánú i bPoblacht na Fraince.
1956
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla an ghéarchéim Shuais (Suez) sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach. Mar leithscéal, dúirt rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Ach eachtra mhíleata mhí-ámharach a bhí ann. Lagaigh an géarchéim seo an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ar thaobh idirnáisiúnta.
1958
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1958, thit an rialtas. Díscaoileadh an Ceathrú Poblacht agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir, Charles de Gaulle, Bealtaine 1958. Bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh.
Fuair de Gaulle níos mó cumhachtaí mar Uachtarán. Cheap arm na Fraince go mbeadh de Gaulle in ann an Ailgéir a choimeád sa Chomhphobal Francach, ina raibh coilíneachtaí eile na Fraince. Ach diaidh ar ndiaidh, bhí de Gaulle ag claonadh do neamhspleáchas don Ailgéir.
1962
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 18 Márta 1962, síníodh Comhaontú Évian, conradh síochána a chuir deireadh leis an gcogadh idir Arm na Fraince agus an FLN, gluaiseacht na saoirse, san Ailgéir. Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta, a tháinig i bhfeidhm an lá dár gcionn, an 19 Márta.
Chaith na hAilgéaraigh mar sin díobh cuing an choilíneachais.