Cluaisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCluaisín
Aequipecten opercularis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeBivalvia
OrdOstreida
FinePectinidae
GéineasAequipecten
SpeiceasAequipecten opercularis Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airOstrea opercularis Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas muiríní meánmhéide é Aequipecten opercularis, moileasc mara débhlaoscach inite san fhine Pectinidae (na muiríní). Tugtar an cluaisín air go coitianta.[1] Faightear san Atlantach Thoir Thuaidh é, agus tá sé tábhachtach san iascaireacht.

Fásann sé go dtí thart ar 7cm ar trastomhas, agus tá sé ar cheann de na muiríní is lú a shaothraítear ar bhonn tráchtála. Uaireanta, bíonn an sliogán an-dathannach, agus bíonn sé tanaí agus briosc freisin. Tá thart ar fiche easna radaithe ar an sliogán. Bíonn an chomhla ar chlé beagán níos dronnaí ná an ceann ar dheis.

Itheann an cluaisín planctón, agus faightear é suas le 40m faoi bhun mheánleibhéal na farraige, cé go bhfuarthas samplaí chomh domhain le 400m. Faightear an speiceas seo ón Iorua go dtí na hOileáin Chanáracha agus an Mheánmhuir agus tá sé coitianta sa Mhuir Thuaidh ar ghrinneall gainimh agus gairbhéil.[2]

Tá clú agus cáil ar Oileán Mhanann mar gheall ar an gcluaisín, nó mynroagan i nGaeilge Mhanann (Béarla: Manx queenie). Thar na blianta, d’fhorbair iascairí Mhanann rialacháin theicniúla caomhnaithe, le cinntiú go mbeidh stoc na gcluaisíní láidir sa todhchaí. I measc na rialachán seo, tá srianta ar amanna iascaireachta, séasúir dúnta, agus teorainn ar líon na ndreidirí a cheadaítear. Tá dhá limistéar caomhantais san fharraige timpeall an oileáin; ceann amháin a cruthaíodh i 1989 agus ceann eile in 2008; ní cheadaítear iascaireacht soghluaiste sna limistéir seo. Tacaíonn tionscal na hiascaireachta leis na limistéir seo; is iad na hiascairí féin a chuir tús leo.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an gcluaisín ina leabhar Cladaí Chonamara:

Is cosúil le cluais an déanamh atá orthu. Ní bhíonn siad chomh mór leis na ruacain, i gcás go mbíonn cuid acu mór go maith, ach go hiondúil timpeall le trí horlaí trasna ó inse go clab a bhíos siad. Cónaíonn siad cúpla orlach faoi uachtar na trá agus nuair a bhíos boige agus taitneamh sa lá léimeann siad aníos in uachtar. Bíonn na comhlaí leathoscailte ar a theacht in amharc sholas an lae dó. Tugann sé cúpla abhóg eile agus dúnann sé isteach go ceann tamaill...

Síolraíonn siad go fairsing. Is minic a bhíos na heochraí i ngreamú den mheilsceánach agus den fheamainn le cineál glóthaí, ach nuair a mhéadaíos siad i riocht agus go mbeidh an sliogán le tabhairt faoi deara titeann siad ar an ngaineamh agus fanann ansin, níos mó. Is minic, laethanta le linn trá mhór rabharta i ndeireadh an earraigh agus i dtús an tsamhraidh, go mbíonn timpeall an mheilsceánaigh druidte leo. Ach ar nós gach iasc sliogánach eile taitníonn goradh na gréine agus boige na gaoithe leo. Aimsir fhuar mhínádúrtha, is deacair ceann acu a fheiceáil. Fanann siad thíos faoin ngaineamh nó go dtaga an lá a bheas faoi dóibh...[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Aequipecten opercularis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. Marine Species Identification Portal : Aequipecten opercularis
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.