Clark Gable
Aisteoir Meiriceánach ab ea Clark Gable (1 Feabhra, 1901 – 16 Samhain, 1960). Cuimhnítear air mar shár-aisteoir, agus scannáin mar Mutiny on the Bounty, San Francisco agus Gone with the Wind fágtha le hoidhreacht againn.
Ar an iomlán, rinne Gable 75 scannán. D’oibrigh sé leis na haisteoirí is mó clú agus cáil ag an am sin, mar shampla Marilyn Monroe, Jack Lemmon, Tony Curtis, Dean Martin, Robert Mitchum, Laurence Olivier, Ginger Rogers, agus Jane Russell srl.
Bhí sé iontach dóighiúil, an 'fear leis an tsúil ghéar'.
Is dóch gurbh é Gone with the Wind, scannán a rinneadh de leabhar Margaret Mitchell an ceann a rinne a ainm agus a chlú agus a d'fhág againn mar réalta é. Ba é an ról is clúití a bhí aige ná a pháirt mar Rhet Butler.[1]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Gable bás ar an 16 Samhain 1960, Ní raibh sé ach 59 bliain d’aois: strus ba bhun leis an taom croí. Ní raibh ach an scannán “The Misfits” críochnaithe aige, dian ar an gcorp, is cosúil.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clarke Gabel ag an bunachar IMDb
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Rhett Butler" (as en) (2022-10-11). Wikipedia.