Ciarán Ó Feinneadha
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | gníomhaí teanga |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is gníomhaí Gaeilge agus comhairleoir cánach ó Bhaile Átha Cliath é Ciarán Ó Feinneadha.[1][2]
Tógadh le Gaeilge ann é agus tá breis is 50 bliain caite aige ag saothrú ar son chur chun cinn na gcluichí Gaelacha trí Ghaeilge. Bhí baint aige leis an iliomad feachtas le blianta anuas, ina measc bunú TG4 agus Na Gaeil Óga CLG. Cuireadh príosún air nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc mar chuid den fheachtas ar son bhunú theilifís na Gaeilge, agus tá sé ar dhuine de na daoine is mó a luaitear leis an bhfeachtas sin. Dhreap sé túr RTÉ i nDomhnach Broc mar agóid i gcoinne laghad na gclár Gaeilge ar RTÉ ag an am.
I 2010, bhí Ciarán i measc chomhbhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG, cumann CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Chaith Ciarán 5 bliana mar bhainisteoir ar fhoireann peile Na Gaeil Óga, áit ar bhain sé amach 5 ardú céime.
In imeacht na mblianta, tá sealanna caite ag Ciarán mar Chomhordaitheoir Spóirt agus mar Chathaoirleach Choiste Forbartha an chumainn freisin. Tá fás rábach tagtha ar an gcumann ó shin agus tá breis is 400 ball imeartha anois ag imirt do 22 fhoireann an chumainn idir peil, camógaíocht agus iomáint. Faoi láthair tá Ciarán ag feidhmiú mar Chathaoirleach na nÓg, áit a bhfuil sé ag stiúradh bhuanfhorbairt an chumainn i Leamhcán, áit a bhfuil struchtúr faoi aois gníomhach faoi bhláth ag Na Gaeil Óga atá ag freastal ar pháistí Ghaelscoileanna an cheantair.
Chaith Ciarán an chuid is mó dá laethanta imeartha le Clann Choláiste Mhuire i mBÁC, club a bhíodh ag freastal ar iarscoláirí an Ghaelcholáiste aitheanta Coláiste Mhuire. Thosaigh Ciarán ag imirt le Clann Coláiste Mhuire i 1970. Is mar lántosach ar chlé is mó a chuimhneofar ar ghaiscí Chiaráin ar an bpáirc agus é mar chroílár fhoireann ré órga an chumainn idir 1978 agus 1983 nuair a d'éirigh leis an gclub dul ó Sóisear C go grád na Sinsear. Mhair gairm peile Ciarán chomh fada le 1999 agus bhuaigh sé dhá Craobh Idirmheánach i mBÁC mar aon le scata léigeanna agus corn. Le linn an achair seo, chomhlíon sé dualgais bhainistíochta agus rúnaíochta freisin.
Tá baint fadsaoil ag Ciarán le heagrúchán CLG. Chaith sé tréimhsí ar Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, mar Oifigeach Gaeilge le Coiste Chontae BHÁC, ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar Chomhchoiste Iománaíochta an Oireachtais.
Chaith Ciarán tréimhse bliana ag imirt le Cumann Mícheál Breathnach in Indreabhán Chontae na Gaillimhe agus naoi mbliana ag bainistiú fhoirne faoi aois Chumann Naomh Pádraig, Baile Phámair.
Feachtasóir Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thuill Ciarán go leor aitheantais in imeacht na mblianta mar fheachtasóir a sheas leis an nGaeilge i gcónaí. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse a bhain TG4 amach. Maidir le dreapadh an túir in RTÉ i nDomhnach Broc, seo é atá le rá ag Seán Tadhg Ó Gairbhí.
"Thug Ó Feinneadha trí cheathrú uaire ar an aeróg, a bhí 200 méadar ar airde, nó gur mheall teicneoir anuas é. Chomh luath agus a leag sé cos ar thalamh arís gabhadh agus tugadh go dtí stáisiún na nGardaí i nDomhnach Broc é, áit ar lean a chomrádaithe lena n-agóid nó gur scaoileadh amach ‘An fear óg ar an aeróg’, mar a thugadh air ar phríomhleathanach Inniu an tseachtain dár gcionn." Súil Eile. Cois Life 2017, Lch 4.
Bhí sé mar Chathaoirleach Bunaithe ar thrí Ghaelscoil i Leamhcán (Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life). Bhí ceangal saoil aige freisin le Conradh na Gaeilge agus Ógras.
Tá sé pósta le Máire Ní Choileáin agus tá ceathrar clainne orthu; Fiadhna, Cormac, Ruadhán agus Neasa.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-27.
- ↑ Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (as en). Wilfrid Laurier Univ. Press.