Christine Primrose
(2014) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Feabhra 1950 74 bliana d'aois Càrlabhagh, Scotland |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, múinteoir |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Is amhránaí, cumadóir amhrán Gaelach agus múinteoir ceoil í Christine Primrose (17 Feabhra 1950 - beo fós). Rugadh i gCàrlabhaigh í, san Eilean Leòdhais, ach tá cónaí uirthi anois san Eilean Sgitheanach.[1]
Tá sí ag canadh ó bhí sí ina cailín óg, agus mar a dúirt sí féin in agallamh, nach raibh ann ach rud nádúrtha dá teaghlach. Bhuaigh sí 'Bonn Óir an t-Sean Nòis' an Chomuinn Ghaidhealaich, ag an Mhòd Nàiseanta Rìoghail sa bhliain 1974, agus duais ag an bhFéile Pan Cheilteach sa bhliain 1978, agus cé nach raibh sé comónta ag an am sin, rinne sí céim sa cheol Gaelach, agus bíonn sí ag casadh amhráin fud fad an domhain, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, san Astráil, sa Nua-Shéalainn] agus san Eoraip. Mar shampla, bhí sí ag an Smithsonian Folklife Music Festival in Washington, D.C. le hAlison Kinnaird.[2] Tá sí ina ball den bhanna MacTalla freisin,[3] agus bhí sí ina láithreoir ar chláir theilifíse agus raidió.
Faoi láthair, tá sí ar cheann de na hamhránaithe is cáiliúla i saol na Gaeilge agus tá sí fós le feiceáil i gceolchoirmeacha ó am go ham. Seachas sin, tá sí ag obair ag Sabhal Mòr Ostaig ó 1982, an bhliain ar thosaigh an cholaiste ag tairiscint cúrsaí lánaimseartha. Ar dtús bhí sí ina rúnaí, agus ó 1993 i leith bhí sí ag teagasc Gaeilge agus Ceol Traidisiúnta (BA) agus cúrsaí gearra.[4]
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1974 Bonn Òir an t-Seann Nòis aig a’ Mhòd Nàiseanta Rìoghail
- 1978 An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach
- 2009 ‘Seinneadair Gàidhlig na Bliadhna’ ag gradaim Cheoil Thraidisiúnta na hAlban
- 2017 Talla Deagh-chliù Ceòl Traidiseanta na h-Alba
- 2018 MBE
Taifid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh sí bonn óir ar an sean-nós ag mBinse Náisiúnta Ríoga sa bhliain 1974 agus gradam ag an bhFéile Pan Cheilteach sa bhliain 1978 [5] agus, rud nach raibh coitianta ag an am, thóg sí céim i gceol traidisiúnta na Gaeilge, agus ag feidhmiú ar fud an domhain, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Eoraip. Mar shampla, bhí sí ag an bhFéile Cheoil Shaol na Tuaithe Smithsonian in Washington, DC le Alison Kinnaird. Ina theannta sin, bhí sí ina ball de Mac-Talla, agus chuir sí cláir theilifíse agus raidió i láthair.
- Àite Mo Ghaoil (1982)
- Quiet Tradition (with Alison Kinnaird) (1990)
- Mairidh Gaol is Ceòl, (as part of Mac-Talla) (1994)
- 'S Tu Nam Chuimhne (1987)
- Gun Sireadh, Gun Iarraidh (2001)
- Gràdh is Gonadh (2017)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- BBC Naidheachdan 2018-06-11: Seinneadairean Gàidhlig a' faighinn MBE (bhideo: 2:33)
- BBC Naidheachdan 2016-10-19: Nòs?
- Tobar an Dualchais: Christine Primrose
- Sabhal Mòr Ostaig: Christine Primrose
- BBC: Beag air Bheag: Seinneadair na Seachdain: Christine Primrose
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Urpeth, Peter. "The Compelling Gift - feature article in the Living Tradition magazine". www.folkmusic.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-16. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ "Christine Primrose MBE - Temple Records" (en). www.templerecords.co.uk. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ "Mac-talla - Mairidh Gaol Is Ceol" (en). www.templerecords.co.uk. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ "Òrain Ghàidhlig le Cairistìona Primrose" (gd). www.smo.uhi.ac.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-07. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ "Christine Primrose | Biography & History" (en-us). AllMusic. Dáta rochtana: 2020-06-14.