Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord
Tugtar Talleyrand de ghnáth ar Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord, polaiteoir agus taidhleoir a rugadh ar 2 Feabhra 1754 i bPáras agus a cailleadh sa chathair úd ar 17 Bealtaine 1838. Bhain sé le muintir uasal, rinneadh sagart de ar chomhairle a uncail, Ardeaspag Réims, agus ceapadh é mar Easpag Autun. Le linn na Réabhlóide thréig sé an chléir agus phós.
Bhí poist aige mar a leanas:
- ardghníomhaire na cléire sa Seanreacht, go dtí 1789
- uachtarán na Comhdhála Náisiúnta agus taidhleoir le linn na Réabhlóide,
- Aire Gnóthaí Eachtracha le linn na Stiúrthóireachta, na Consalachta agus an Chéad Impireacht,
- Príomh-aire sa bhliain 1815 faoi Louis XVIII, agus
- taidhleoir nó comhairleoir le linn na monarcachtaí ina dhiaidh sin, go dtí 1834.
Bhí an-mhuinín ag Napóilean as, agus clú na meanman agus na hintleachta air. Tuairimí difriúla ag lucht a linne de: é glic agus fealltach, nó ina fhear neamh-mhaol de Ré na hEagnaíochta.[1] Cuimhní cinn breactha aige agus staraithe idir dhá chomhairle faoina iontaofacht atá siad.
"Ils n’ont rien appris, ni rien oublié" — níl dada foghlamtha acu, níl dada dearmadta acu a dúirt an taidhleoir Francach Talleyrand fadó. Is iad na Bourbons, ritheaglach na tíre, a thug air a ghearán a dhéanamh.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Charles-Maurice de Talleyrand, prince de Bénévent | French statesman and diplomat" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-05-17.
- ↑ "Stair agus seafóid – whataboutery na linne seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-17.