Germaine de Staël

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Germaine de Staël
Marie Eléonore Godefroid - Portrait of Mme de Staël.jpg
Saol
Ainm iomlánAnne-Louise Germaine Necker
Eolas breithePáras, 22 Aibreán 1766, 1766
NáisiúntachtRepublic of Geneva (en) Aistrigh
Ríocht na Fraince
Teanga dhúchaisan Fhraincis
BásPáras, 14 Iúil 1817, 1817
Cúis bháisbás nádúrtha
Muintir
AthairJacques Necker
MáthairSuzanne Curchod
Céile/CéilíErik Magnus Staël von Holstein  (Eanáir 17, 1786 -  1800)
Albert Jean Michel de Rocca (en) Aistrigh  (1811 -  luach anaithnid)
Páirtí/PáirtitheBenjamin Constant
Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord
Louis, comte de Narbonne-Lara
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmscríbhneoir, salonnière (en) Aistrigh, dialannaí, léirmheastóir liteartha, polaiteoir agus comhfhreagraí
Áit oibreWeimar
Saothar iomráiteachDe l'Allemagne
Corinne ou l’Italie
Germaine de Staël signature.png

Scríbhneoir agus fealsamh Francach de bhunadh an chantúin Vaud agus na Ginéive ab ea Anne-Louise Germaine Necker, baronne de Staël-Holstein, nó Madame de Staël mar ab fhearr aithne uirthi. Do rugadh í ar an 22ú lá d'Aibreán sa bhliain 1766 i bPáras na Fraince agus do fuair sí bás san áit chéanna ar an 14ú lá d'Iúil sa bhliain 1817.

Lena leabhar De l'Allemagne [i nGaeilge: Faoin nGearmáin], leabhar a foilsíodh sa bhliain 1813, tharraing Madame de Staël aird mhuintir na Fraince ar litríocht na Gearmáine agus ar na scríbhneoirí a scríobhadh i nGearmáinis. Ar an modh san, do réitigh sí an tslí do Rómánsachas na Fraince, gluaiseacht liteartha a fuair spreagadh ó Rómánsachas na Gearmáine agus Rómánsachas Shasana araon.

Is iad Delphine (1802) agus Corinne ou l'Italie [i nGaeilge: 'Corinne nó an Iodáil'] (1807), úrscéalta a thugann tús áite do mhná agus do gheimhle na sochaí a chuir laincis orthu, na saothair fhicsin is tábhachtaí dá cuid.

Ní ar na húrscéalta sin a bunaíodh an clú agus an cháil a bhain Germaine de Staël amach lena linn áfach, ach ar na haistí fealsúnta a scríobh sí:

  • Lettres sur les ouvrages et le caractère de Jean-Jacques Rousseau [i nGaeilge: 'Litreacha faoi shaothair agus faoi aigne Jean-Jacques Rousseau'] (1788) ;
  • De l'influence des passions sur le bonheur de l'individu et des nations [i nGaeilge: 'Faoin dtionchar a bhíonn ag na mothúcháin ar shonas an duine agus na náisiún'] (1796) ;
  • De la littérature considérée dans ses rapports avec les institutions sociales [i nGaeilge: 'Faoin litríocht, í cíortha i dtaobh na ngaolta atá idir í agus institiúidí na sochaí'] (1800).