Jump to content

Séarlas Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Charlemagne)
Infotaula de personaSéarlas Mór

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(goh) Karlus Cuir in eagar ar Wikidata
2 Aibreán 748
Impireacht na bhFranc ()
Bás28 Eanáir 814
65 bliana d'aois
Aachen (Impireacht na bhFranc)
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar)
Áit adhlacthaPalatine Chapel in Aachen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire Naofa Rómhánach
25 Nollaig 800 – 28 Eanáir 814
 luach ar iarraidh – Lughaidh Cráifeach 
Rí na bhFranc
9 Deireadh Fómhair 768 – 28 Eanáir 814
 Pépin Gearr, Carloman ILughaidh Cráifeach 
Rí na Lombardach
28 Eanáir 814
 DesideriusBernard of Italy (en) Aistrigh 
Diúc na Baváire
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus an Chríostaíocht
Airde1.84 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc, Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Mheánaois Luath
TeangachaAn Laidin, an Ghréigis agus teanga na bhFranc
Ardú
Lá féile18 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalImpire Naofa Rómhánach (800–814)
Rí na Lombardach (774–814)
Rí na bhFranc (768–814) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachRíshlocht na gCairilínseach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHimiltrude
Desiderata Lombardach (770 (Féilire Ghréagóra)771)
Hildegard Vinzgouw (772 (Féilire Ghréagóra)783)
Fastrada (784 (Féilire Ghréagóra))
Luitgard (794 (Féilire Ghréagóra)) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíHimiltrude (768)
Madelgard (796)
Gersuinda (798)
Regina (800)
Ethelind (806) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePepin an Cruiteachán
 ( Himiltrude)
Lothair
 ( Hildegard Vinzgouw)
Adelaide
 ( Hildegard Vinzgouw)
Alpais
 ( Himiltrude)
Hildegard
 ( Hildegard Vinzgouw)
Hiltrude
 ( Fastrada)
Chrotais
 ( luach anaithnid)
Ruodhaid
 ( Madelgard)
Theodoric
 ( Ethelind)
Hugh
 ( Regina)
Theodrada
 ( Fastrada)
Rotrude
 ( Hildegard Vinzgouw)
Charles Óg
 ( Hildegard Vinzgouw)
Drogo
 ( Regina)
Bertha
 ( Hildegard Vinzgouw)
Lughaidh Cráifeach
 ( Hildegard Vinzgouw)
Pepin na hIodáile
 ( Hildegard Vinzgouw)
Gisela
 ( Hildegard Vinzgouw)
Adaltrude
 ( Gersuinda) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPépin Gearr  agus Bertrada Laon
SiblínGisela, Ban-Ab Chelles, Adelais, Chrothais, Carloman I agus Pepin
Síniú


Find a Grave: 6623 Cuir in eagar ar Wikidata

Dob é Séarlas Mór (Laidin: CarolusKarolus Magnus; Fraincis: Charlemagne; Gearmáinis: Karl der Große) an duine b’éachtaí ar Eoraip le linn na Meánaoise. Rí na bhFranc ab ea é (768814) agus lena linn, d’aontaigh sé a bhformhór d’Iarthar na hEorpa le chéile, agus leag sé síos na bunsraitheanna i gcomhair na Fraince agus na Gearmáine de chuid na linne seo.

Teacht i Réim

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Séarlas Mór agus a dheartháir Carlomán i gcomharbacht ar a n-athair, Pépin Gearr (Laidin: Pippinus Brevis), sa bhliain 768, nuair a d’éag Pépin. Bhí an bheirt acu ina gcomhrialtóirí go dtí go bhfuair Carlomán bás go tobann sa bhliain 771, faoi imthosca gan mhíniú. Fágadh Séarlas ansin mar an t-aon Rí na bhFranc gan agó. Aithníodh é mar rí na hIodáile sa bhliain 774, agus sa bhliain 800 chuir an Pápa coróin ar Shéarlas chun Rí na hImpireachta Rómhánaí Naofa a dhéanamh de.

Faoi réimeas an rí, choinnigh sé polasaithe a athar i leith na pápachta, agus chuaigh siad d'aontaobh ag baint na cumhachta ó na Lombairdigh i dtuaisceart na hIodáile, agus i gceannas ar ionradh isteach ar na Moslamaigh sa Spáinn. Chuaigh sé i mbun feachtais freisin in aghaidh na Sacsanach san oirthear, ag déanamh Críostaithe astu ar phionós an bháis, as a d’eascródh a imeachtaí ar nós Ár Verden. Bhain Séarlas Mór barr a mhaitheasa amach nuair a chorónaigh an Pápa Leo III é mar Impire na Rómhánach Lá Nollag san Bhaisleac Ársa Naomh Pheadair.

De bharr na bainte a bhí ag na Frainc ar stair na Fraince, agus toisc gur chine Gearmánach iad, áirítear Séarlas Mór mar laoch náisiúnta sa dá thír úd agus baineadh mí-úsáid as mar shiombal dá bharr.[1]

Ón bhliain 1950 i leith, bronntar Duais Idirnáisiúnta Shéarlais Mhóir Aachen (ar a dtugtar an Karlpreis) gach bliain ar dhuine a chothaigh aontacht san Eoraip.

Bhí feachtais Shéarlais mar bhunús do roinnt scéalta, ina measc Gabáltas Shéarluis Máin sa Leabhar Leasa Mhóir agus Stair Sérluis Móir ag lenmain coróine Críst ⁊ taisse na naem.[2]

  1. Bernd Schneidmüller (2000). "Sehnsucht nach Karl dem Großen. Vom Nutzen eines toten Kaisers für die Nachgeborenen. Die politische Instrumentalisierung Karls des Großen im 19. und 20. Jahrhundert". Geschichte in Wissenschaft und Unterricht (51): 284–301.
  2. Carl Marstrander (1911). "Sechrán Na Banimpire". Ériu 5: 161.