Ceoleolaíocht
Is éard is ceoleolaíocht ann ná staidéar eolaíoch is scolártha ar cheol, gléasanna ceoil is laochra ceoil, ag cuimsiú bunábhair a fháil ar ais is a mheasúnú, staidéar ar chomhthéacs stairiúil ceoil, anailís saothar ar leith is stóir ceoil, agus an-chuid disciplíní eile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an cheoleolaíocht nua-aoiseach le foclóirí — mar shampla, Musikalisches Lexikon J G Walther (Foclóir Ceoil, 1732) agus Dictionnaire J-J Rousseau (Foclóir, 1768) — leabhair ar stair an cheoil, agus sainirisí.
Sa 19ú céad bhailigh scoláirí Gearmánacha eagráin de shaothar cumadóirí suntasacha (Handel, Bach, Palestrina is eile). Inniu tagann an-chuid staidéar san áireamh: palaegrafaíocht, anailís páipéir is comharthaí uisce i bpáipéar, ceolnodaireachtaí, gléasanna ceoil, léiriú, cumadóireacht is cumadóirí, ceoltóirí, fuaimeolaíocht, leictreonaic, aireachtáil dhaonna, bainistiú is a lán eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceoleolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 130.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |