Ceoleolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceoleolaíocht

Is éard is ceoleolaíocht ann ná staidéar eolaíoch is scolártha ar cheol, gléasanna ceoil is laochra ceoil, ag cuimsiú bunábhair a fháil ar ais is a mheasúnú, staidéar ar chomhthéacs stairiúil ceoil, anailís saothar ar leith is stóir ceoil, agus an-chuid disciplíní eile. Thosaigh an cheoleolaíocht nua-aoiseach le foclóirí — mar shampla, Musikalisches Lexikon J G Walther (Foclóir Ceoil, 1732) agus Dictionnaire J-J Rousseau (Foclóir, 1768) — leabhair ar stair an cheoil, agus sainirisí. Sa 19ú céad bhailigh scoláirí Gearmánacha eagráin de shaothar cumadóirí suntasacha (Handel, Bach, Palestrina is eile). Inniu tagann an-chuid staidéar san áireamh: palaegrafaíocht, anailís páipéir is comharthaí uisce i bpáipéar, ceolnodaireachtaí, gléasanna ceoil, léiriú, cumadóireacht is cumadóirí, ceoltóirí, fuaimeolaíocht, leictreonaic, aireachtáil dhaonna, bainistiú is a lán eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceoleolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 130.