Ceirisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceirisín

Is éard is ceirisín ann ná táirge a fhaightear ó dhriogadh peitriliam ina mbíonn móilíní níos mó ná i bpeitreal, agus mar sin galaitheacht níos lú aige.[1] Tugtar pairifín air freisin. Bhíodh sí in úsáid go forleathan tráth i gcomhair soilsiú baile. Anois tá sé tábhachtach mar fhoinse teas baile, agus is é an príomhbhreosla do scairdinnill in eitleáin. Foinse shuntasach, ó lár an 19ú céad i leith, is ea sceallaí ola.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “ceirisín” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-17.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ceirisín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 128.