Ceifid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochCeifid
Cineálcineál reann neimhe
EapainmDelta Cephei
Catalóga réalteolaíochta

Réalta athraitheach a n-ascalaíonn a gile thar thréimhse 1-50 lá, díreach i gcomhréir lena sainmhéid, agus a gile ag fad caighdeánach amach uaithi. Is ionann a méid fhollasach agus cé chomh geal is a dhealraíonn sí. Más féidir luach a chinneadh don tsainmhéid ón tréimhsiúlacht seo agus má thomhaistear an ghile fhollasach, is féidir fad na réalta amach uainn a ríomh. Tá réalta mar seo iontach áisiúil chun na faid go dtí réaltraí atá gar dúinn a dhéanamh amach agus scálaí faid sa Chruinne a aimsiú. Ar an drochuair, ní féidir é seo a dhéanamh i gcás na réaltraí i bhfad uainn de bhrí go bhfuil an solas uathu chomh lag sin. Tá na faid go dtí réaltraí i bhfad níos faide amach intomhaiste le spásteileascóp Hubble, atá i bhfithis 170 km os cionn na talún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceifid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.