Ceantar na nOileán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ceantar na nOileáin)
Jump to navigation Jump to search
Ceantar na nOileán
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra (2003) Caighdéan Gaeilge: 84.4% (2003)
Airde: 181m (Cnoc Leitir Móir)
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Grúpa oileán é Ceantar na nOileán suite idir Cuan Chill Chiaráin agus Cuan an Fhir Mhóir. Tá Ceantar na nOileán suite i gConamara in iarthar na Gaillimhe san fhíor-Ghaeltacht, 56km siar ó chathair na Gaillimhe[1]. Tá Gaeilge ag 85% de mhuintir an cheantair, de réir an daonáirimh.

Tá na hoileáin ceangailte den mhórthír le droichid a tógadh ag deireadh an chéid seo caite. Is iad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomh oileáin agus tá oileáin bheaga eile ag síneadh amach uathu. Mar a bheifí ag súil leis i ndeisceart Chonamara, sí an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine. Tá an ceantar seo ar cheann de na ceantair is saibhre teanga agus cultúr sa Ghaeltacht.

Talamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na h-oileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir , ach is tógáil eallach agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.

Geilleagar agus gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Turasóireacht agus iascaireacht na príomh shlite beatha ar na h-oileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint feamainne ar na h-oileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh Íodín.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta an tsaibhris chultúrtha seo, tá áilleacht nádúrtha dá cuid féin ag baint leis an gceantar seo. Thug TG4 léargas ar chultúr ceoil ó Ceantar na nOileán i 2009[2]. Mar aon leis an gceol tá na radharcanna iontacha ó thírdhreach na n-oileán féin le feiceáil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thréig a lán na h-oileáin ó thús an 20ú hAois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ba go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá a thug a lán acu a n-aghaidh.

Rugadh Darach Ó Catháin sa cheantar (1922), ach d'aistrigh a mhuintir go Ráth Chairn i gContae na Mí sa bhliain 1935.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]