Jump to content

Catrìona Lexy Chaimbeul

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCatrìona Lexy Chaimbeul
Beathaisnéis
Breith1982
41/42 bliana d'aois
Nis, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTèatar Nàiseanta na h-Alba (2011–2012)
Cúirt an Easbaig Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
Teaghlach
AthairTormod Caimbeul

File, úrscéalaí, drámadóir agus aisteoir as Albain is ea Catrìona Lexy Chaimbeul (1982-). Oibríonn sí trí Ghaeilge na hAlban den chuid is mó.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann Chaimbeul le muintir shuntasach liteartha i Nis in Eilean Leòdhais. Scríbhneoirí Gaeilge is ea a hathair Tormod Caimbeul (Tormod a’ Bhocsair) agus a huncail Alasdair Caimbeul, agus ba scríbhneoirí Gaeilge chomh maith a seanathair Aonghas Caimbeul (Am Bocsair) agus a seanuncail Aonghas Caimbeul (Am Puilean), file cogaidh agus údar cuimhní cinn. Amhránaí traidisiúnta agus léachtóir is ea a máthair, Mary Jane Campbell.

Chuaigh Chaimbeul ar Ollscoil Dhún Éideann agus fuair MA ann. Bhí sí ag obair mar aisteoir agus mar oide sa drámaíocht Ghaeilge, agus chaith sí dhá bhliain san Eden Court Theatre in Inbhear Nis ina ealaíontóir drámaíocht Gaeilge ar son an Eilein Sgitheanaich agus Loch Aillse,[1] agus in 2011-12 ba í Ealaíontóir Comhlach na Gaeilge í in Amharclann Náisiúnta na hAlban. In 2013 chaith sí tréimhse bliana mar scríbhneoir cónaithe i Sabhal Mòr Ostaig, áit a bhfuil baint ag a muintir léi i gcúrsaí litríochta agus léinn.[2]

Tá sé ráite ag Chaimbeul gurb iad mórthéamaí a saothair an caidreamh, na rúin agus na bréaga, agus an t-osnádúr.[1]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féile Leabhar Bhaile na h-Ùige, duais Filíochta Gaeilge 2006.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta:

Cleasan a’ Bhaile Mhòir, Sandstown Press, 2009: ISBN: 978-1-905-20729-9

Samhraidhean Dìomhair, CLÀR, 2009: ISBN 978-1-900-90131-4

Cluicheadairean, Acair Ltd, 2013: ISBN 978-0-861-52546-1

Nigheanan Mòra, Sandstone Press, 2014: ISBN 978-1-908-73796-0


Leabhair do pháistí:

Balach Beag a Mhàthar, Acair/Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig, 2004: ISBN 978-0-861-52611-6

Sgeulachdan Eagalach Feagalach, Acair Ltd, 2008: ISBN 978-0-861-52336-8

An t-Ionnsachadh Bòidheach: Pàirt 1 - Am Fuachd Gorm, Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig/Acair Ltd, 2014: ISBN 978-0-861-52570-6

An t-Ionnsachadh Bòidheach: Pàirt 2 - Campa na Cloinne, Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig/Acair Ltd, 2015: ISBN 978-0-861-52595-9


Drámaí:

Doras Dùinte, Leabhraichean Beaga, 2013

Shrapnel: An Dealbh-chluich, Leabhraichean Beaga, 2016: ISBN 978-0-946-42755-0


Foilseacháin oideachasúla:

Speaking Our Language: Pasgan Luchd-oideachaidh, Sreath 1, Comunn na Gàidhlig, 1994

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]