Cathracha na Seapáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Limistéir Riaracháin na Seapáine
Réigiún na Seapáine
Maoracht na Seapáine
Cathracha Sainithe na Seapáine
Croí-Cathracha na Seapáine
Cathracha Speisialta na Seapáine
Cathracha na Seapáine
Bailte na Seapáine
Sráidbhailte na Seapáine

Is aonad riaracháin áitiúla iad Cathracha na Seapáine (市 shi). Tá Cathracha ar aon leibhéal le Bailte agus Sráidbhailte na Seapáine ach amháin nach bhfuil siad i bhfo-cheantar de chuid an Maoracht. Mar aon le aonaid riaracháin eile sa Seapáin, tá bunús tugtha dóibh sa dlí ag an Dlí Féínriail Áitiúil 1947. Tá 684 cathracha sa tSeapáin.

Stádas mar chathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gá:

  • go mbeidh daonra níos mó ná 50,000 sa chathair.
  • go mbeidh 60% nó níos mó de tithe san cheantar bunaithe in aon láthair uirbeach amháin.
  • go mbeidh 60% nó níos mó de tithe sa chathair bainteach le cúrsaí gnó.

Is gá go mbeidh an sonrúcháin ceadaithe ag gobharnóir na maorachta agus an Aire Gnóthaí Inmheánacha.


Cathracha móra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le comhaireacht na Seapaine cathracha a bhfuil 200,000 daoine nó níos mó iontu a ainmniú mar Chathair Speisialta. Is féidir cathair le 300,000 daoine nó níos mó a bheith ainmnithe mar Croí-Chathair agus is féidir cathair le níos mó ná 500,000 daoine a bheith ainmnithe mar Cathair Sainithe.

Stádas Thóiceo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Tóiceo, príomhchathair na Seapáine, aitheanta mar cathair go dtí 1943, ach anois is sort Maoracht speisialta nó Ceannchathair (都 to) é. Tá 23 bardas speisialta i dTóiceo agus tá stádas acu atá ar comhchéim le cathracha. Tá roinnt cathracha, bailte agus sráidbhailte san maoracht sin chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]