Cathal mac Ailealla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cathal mac Ailella)
Infotaula de personaCathal mac Ailealla
Teaghlach
AthairAilill mac Inreachtaigh

Naoú rí is fiche Uí Mhaine ba ea Cathal mac Ailealla (834 – 844).

Bhí Cathal i gcoróin faoin mbliain 834 ach ní deirtear cá fad a bhí sé i réim, nó ar tháinig sé go díreach i gcomharbacht ar Chathal mac Murchadha

Le linn a ré, bhíodh ruathair á dhéanamh go rialta ag na Lochlannaigh ar an Sionainn, go háirithe ar Chluain Mhic Nóis. Rinne siad ruathair in éadan Uí Mhaine féin:[1]

Slóighedh la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh, co ro airccseat Connachta & Midhe, & ro loiscseat Cluain Mic Nóis cona derthaighibh, & Cluain Fearta Brénainn, Tir Dá Ghlas, Lothra, & cealla iomdha archena.

Ní raibh Cathal féin in aghaidh ruathar ar Chluain Mhic Nóis. Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[2]

Sárucchadh[3] Cluana Mic Nóis do Cathal, mac Ailella, tigherna Ua Maine, for Fhlann, mac Flaithbhertaigh, d'Uíbh Forggo, prioir a Mumhain, con do-tard[4] isin Sionainn, co n-dorchair.[5]

Insítear fosta go ndearna Cathal ruathar fánach in éadan na Mumhan:[6]

Maidhm ria c-Cathal, mac Ailealla, for Fedhlimidh, mac Criomhthainn, ri Caisil, h-i Maigh n-Í, bhail in ro marbhait sochaidhe.

Feictear tásc Cathail sna hannála gan sonraí.[7] Ní fheictear muintir ar bith leis i Leabhar Uí Mhaine.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ACM 843.13
  2. ACM 834.13
  3. sárugud, sáraigh, ar eDIL
  4. do-beir, beir, ar eDIL
  5. 1 do-tuit, thit, maraithe
  6. ACM 834.14
  7. ACM 844.8


Réamhtheachtaí
Cathal mac Murchadha
Rí Uí Mhaine
834–844
Comharba
Mughrón mac Sochlacháin