Cathair San Mairíne, San Mairíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCathair San Mairíne, San Mairíne
Città di San Marino (it) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósMarinus Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°55′55″N 12°26′54″E / 43.932011°N 12.44845°E / 43.932011; 12.44845
Stát ceannasachSan Mairíne Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán4,040 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús569.82 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deSan Marino Historic Centre and Mount Titano (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla7.09 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde749 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú301
ÉarlamhMarinus Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistRSM-47890 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2SM-07 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsanmarinosite.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Cathair San Mairíne príomhchathar Phoblacht San Mairíne ar an leithinis na hIodáile, suite ar na fánaí den tsliabh is airde sa phoblacht, .i. Monte Titano.

Bhí daonra 4,493 ann sa bhliain 2005. Is í Cathair San Mairíne an tríú cathair sa tír ó thaobh daonra de.

Túr Guaita.

Cé gurb í an phríomhchathair í, is i mbaile Bhorgo Maggiore a bhíonn an chuid is mó de chúrsaí gnó na poblachta. Tá teorainn aici le castelli (bardais) Acquaviva, Borgo Maggiore, Fiorentino, agus Chiesanuova chomh maith le común San Leo na hIodáile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Naomh Marinus agus teifigh Chríostaithe an chathair sa bhliain 301. Ó shin d'fhás an chathair mar thearmann ó ghéarleanúint na Rómhánach. Mar gheall ar sin, is í an phoblacht is sine san Eoraip.

Bhí trí thúr cosanta ag an gcathair: tógadh Guaita sa 11ú aois, agus dúradh faoi go raibh sé dothreáite. De bharr na gCrosáidí, tógadh an dara túr, Cesta sa 13ú haois. Tógadh an tríú túr, an Montale, sa 14ú haois - an túr ba lu fós.

Bhí daonra na cathrach ag méadú. Ach ní raibh fonn ar na San Mairínigh ionradh nó cogadh a dhéanamh chun talamh breise a fháil; fuair siad naoi castelli eile trí cheannach agus conarthaí.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

San aimsir atá caite bhíodh eastósctha na gclócaí agus an tsnoíodóireacht mar ghné lárnach de gheilleagar na cathrach. Sa lá atá inniu ann tá an turasóireacht, an tráchtáil, díol na stampaí agus an tionscadal talmhaíochta ar na gníomhaíochtaí geilleagracha tábhachtacha sa tír.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug timpealll trí mhilliún turasóir cuairt ar Shan Mairíne gach bliain sna 2000idí. Go hiondúil is as an Iodáil iad.

Radhairc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Palazzo dei Capitani
  • Palazzo Pubblico
  • The Thrí Túr San Mairíne
  • Piazza del Titano
  • Piazza Garibaldi
  • Manaistir Santa Clara
  • Grand Hotel San Marino

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar na sráideanna a bhíonn ag casadh agus iad ag ardú. Níl cead ag gluaisteáin a bheith i lár na cathrach ach oiread.

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, tógadh líne traenach ón gcathair go Rimini. Dúnadh é i ndiaidh an chogaidh ach tá na tolláin fós ann chomh maith le stáisiún traenach 'Piazzale Lo Stradone'.

Tá seirbhís bus go Rimini, agus tá carr cábla 1.5 km d'fhaide go dtí Borgo Maggiore.

Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá fhoireann sacair ann, an S.S. Murata agus an S.P. Tre Penne. Tháinig an lasair Oilimpeach tríd an gcathair díreach roimh Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2006.

Nasbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá nasc ag an gCathair San Mairín le:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]