Cath an Somme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cath na Somme)
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath an Somme
An Fronta Thiar sa Chéad Chogadh Domhanda agus An Chéad Chogadh Domhanda

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta18 Samhain 1916
Comhordanáidí50°00′56″N 2°41′51″E / 50.0156°N 2.6975°E / 50.0156; 2.6975
ÁitAn Somme
Tíran Fhrainc
RannpháirtitheImpireacht na Breataine, Impireacht na Gearmáine agus Troisième République
Cogaíocht sna trinsí ag an Somme, 1916. (An 22ú reisimint d'Arm na Breataine)

Bhí Cath an Somme[1] sa Fhrainc ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Maraíodh níos mó ná 300,000 duine[2] in aice leis an Somme agus maraíodh 20,000+ dóibh ar an gcéad lá.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

"The Irish on the Somme" ó "The Irish at the front" le MacDonagh, Michael (1862-1946)

Tar éis seachtain iomlán d’aerthuairgneáil, thosaigh an cath ag 7.30 r.n ar an 1 Iúil 1916.

Ach leag na meaisínghunnaí Gearmánacha saighdiúirí na gComhghuaillithe agus iad ag iarraidh latrach an áir a thrasnú. Mar shampla, ar an gcéad lá bhí 5,000 taismeach ag an 36ú Rannán Ultach; d’éag 2069 as an méid sin.[3]

Lean an chogaíocht ar aghaidh go mí na Samhna na bliana 1916. Mar sin mhair Cath an Somme ar feadh cúig mhí agus is beag dul chun cinn a rinneadh. Faoi dheireadh, theip ar na Comhghuaillithe na Gearmánaigh a ruaigeadh as suíomhanna trinsithe daingne ar bhruacha an Somme.

Dreapann saighdiúirí Briotanacha agus Éireannacha amach as a ndíog le linn Chath Ginchy (grianghraf ag Brooks Ernest, as na bailiúcháin ag an Imperial War Museum, Q1302,

Saighdiúir Éireannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na mílte saighdiúir Éireannacha i measc na mairbh le linn an chatha.[4]

Fir Raidhfil Ríoga na hÉireann, b’fhéidir an 1ú Chathlán, agus iad i dtrinse ag Cath an Somme

"Ar an lá sin (1 Iúil), tháinig an Rannán 36 (Uladh) amach as Coill Thiepval, agus na saighdiúirí cróga  ar a mbealach ions ar Redoubt Schwaben. Ar shroicheachteáil  an phointe sin dóibh, bhain siad amach áit iontach sa stair, agus onóir leanúnach a mhaireas go deo. In ainneoin gur cailleadh 5,500 saighdiúir, seasann an tionscnamh seo amach mar an eachtra is mó agus is cróga sa Chéad Chogadh Domhanda agus tá muid bródúil as, cionn is gur é  an léiriú is mó é den misneach daonna i stair an duine. Thaispeáin laochra an Rannáin 16 (Éireannach) an chalmacht chéanna  nuair a throid siad ag Ginchy agus Guillemont i Meán Fómhair na bliana sin." Ian Adamson Curtha i gcartlann 2017-10-29 ar an Wayback Machine, OBE.[5]

Tom Kettle

An file Tom Kettle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an tOllamh Tom Kettle chun catha i gceannas ar chompántas B, 9ú Cathláin, Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina Leifteanant. Thóg na Fiúsailéirí Guillemont ar an 2ú Meán Fómhair agus Ginchy ar an 9ú Meán Fómhair. Maraíodh Kettle ar 9ú Meán Fómhair 1916, le linn chath an Somme, tar éis dó a chomplacht a stiúradh in ionsaí ar ionaid Ghearmánacha in Ginchy. Níor aimsíodh a chorp riamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Cath an Somme” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  2. "Battle of the Somme" (as en) (2019-06-30). Wikipedia. 
  3. UCD (2016). "UCD-Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
  4. "Ócáidí Chomórtha Cath an Somme faoi réir" (as ga) (2016-07-01). 
  5. Ian Adamson. "Speech at the Ulster Tower,Thiepval and Guillemont, France | Dr. Ian Adamson OBE" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-30. Dáta rochtana: 2019-07-01.