Cath Aontroma
Cath Aontroma | |||
cuid de Éirí Amach 1798 in Éirinn | |||
Dáta: | 7 Meitheamh 1798 | ||
Áit: | Aontroim Contae Aontroma, Éire | ||
Toradh: | Raigeadh na hÉireannaigh Aontaithe | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
|
Troideadh Cath Aontroma ar an 7 Meitheamh sa bhliain 1798, i gContae Aontroma, le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe, idir trúpaí na Breataine agus reibiliúnacha faoi stiúir Anraí Joy Mac Reachtain. Bhuaigh fórsaí na Breataine an cath, nuair a bhí siad in ann ionsaí na reibiliúnach Éireannach ar bhaile Aontroma a dhiongbháil, tar éis baill athneartaithe teacht chucu. Fuair an Tiarna Ó Néill, gobharnóir an chontae bás, tar éis é a bheith gonta le linn na troda.
Feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spreag tús troda na nÉireannach Aontaithe i gCúige Laighean ar an 23 Bealtaine glaonna ar na na hÉireannaigh Aontaithe ó Thuaidh dul i mbun troda chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhí ag troid ó Dheas. Mar sin féin, bhí damáiste mór déanta ar an eagraíocht in Ulaidh de dheasca feachtais bhrúidiúlaigh ar son dí-armála na bliana roimhe sin, agus ní raibh a gceannaireachta nua chomh radacach agus ní raibh siad sásta troid a thionscain gan cúnamh na Fraince, cúnamh a bhí siad ag súil leis go laethúil.
Tar éis fanacht ar feadh dhá sheachtain agus an t-éirí amach faoi lán sheol ó dheas, chinn comhaltais na gcosmhuintir san eagraíocht in Aontroim ar roinnt cruinnithe, neamhspleách ar a gceannaireacht, a eagrú. Ba é an toradh ná gur toghadh Henry Joy McCracken mar ghinearál aidiúnach agus gur ghlac siad an cinneadh dul i mbun troda láithreach.
Go tapa in a dhiaidh sin, cheap Mac Reachtain, mar aon le James Hope, plean chun urphoist an rialtais i gcontae Aontroim a urghabháil agus ansin bheadh a bpríomh-ionsaí ar Bhaile Aontroma. Ansin, ag baint úsáide as airtléire urghafa i mBaile Aontroma, bhí ar na reibiliúnaigh, i gcomhar le reibiliúnaigh Chontae an Dúin, Béal Feirste a gabhadh.
Bhí súil mhór ag Mac Reachtain go mbeadh go leor baill den mhílíste sásta dílseacht na corónach a thréigeadh agus dul isteach ar thaobh na reibiliúnach, toisc go raibh sé creidte go raibh mídhílseacht forleathan i measc na mílístí, a fianaíodh trí bhású ceathrar fear de Mhílíste Mhuineacháin, i gcion tréasa i mBéal Feirste i mí Bealtaine.
Ceaptar gur éirigh 27,000 trodaí amach nuair a thosaigh an troid i gCúige Uladh i mí an Mheithimh 1798. Ach ní raibh ach teip i ndán don éirí amach fiú sular thosaigh sé. Sceith fear a bhí ina Choirnéal sna hÉireannaigh Aontaithe, Nicholas Mageean, na pleananna. Socraíodh bualadh ar aghaidh mar sin féin.[1]
Ar an 7 Meitheamh chuaigh Henry Joy McCracken i gceannas ar an éirí amach i gCo. Aontroma.[2] Gabh na ceannaircigh Baile Raghnaill agus Baile Meánach ar feadh seal. Níor éirigh leis na hionsaithe ar Bhaile Aontroma agus Latharna agus scrios na fórsaí a bhí dílis don rí iad gan mórán moille[3] agus fuair timpeall 300 as na hÉireannaigh Aontaithe bás. [4]
Ar an 13 Meitheamh chuaigh Henry Munro i gceannas ar éirí amach eile i mBaile na hInse, Co an Dúin. Cuireadh faoi chois é sin go héasca freisin. Faoin am seo bhí an tÉirí Amach i gCúige Uladh thart. I ndeireadh mhí na Bealtaine a thosaigh sé.
Gabhadh McCracken agus cuireadh chun báis é ar an 17 Iúil 1798.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "1798 rebellion in County Down". www.bangorhistoricalsocietyni.org. Dáta rochtana: 2024-06-07.
- ↑ antrimandnewtownabbey.gov.uk (2024-06-07). "Events | What's On - Antrim & Newtownabbey Borough Council". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2024-06-07.
- ↑ Seán Delap (2018). "Stór Staire" (ga-IE). COGG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Caoimhín Ó Cadhla. "Amhráin Gaeilge 1798.pdf".