Carl Friedrich von Weizsäcker
Cuma
Fisiceoir is fealsamh a rugadh in Kiel na Gearmáine ab ea Carl Friedrich von Weizsäcker (28 Meitheamh 1912 – 28 Aibreán 2007). Rinne sé taighde bunúsach sa bhfisic núicléach nua-aoiseach agus a feidhmeanna sa réaltfhisic. Scríobh sé ar an gceangal idir eolaíocht is reiligiún.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Carl Friedrich von Weizsäcker". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 703.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |