Jump to content

Caoineadh na dTrí Mhuire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóCaoineadh na dTrí Mhuire
Cineálamhrán
TaibheoirIarla Ó Lionáird agus Seosamh Ó hÉanaí
An Pháis in Inis i gContae an Chláir

Amhrán cráifeach drámatúil is ea Caoineadh na dTrí Mhuire, i bhfoirm comhráite idir Muire, Naomh Peadar agus Íosa ar an gcrois.[1] Ní heol go beacht cé hiad na trí Mhuire, ach is cinnte gur Muire, máthair Íosa, duine díobh.[2]

Baineann an t-amhrán le spioradálacht na ndaoine seachas spioradáltacht fhoirmiúil na hEaglaise. Tá an focal olagóin 'ochón' ag rith tríd. Tá uafás na fulaingthe agus dóchas na hAiséirí le brath air.

Iarla Ó Lionáird

Is cuid de thraidisiún leathan amhrán é (ar amhráin Laidine iad i dtús aimsire) a bhaineann le haimsir na Cásca agus a dhéanann cur síos ar pháis Chríost. Téann an traidisiún seo siar go dtí na meánaoiseanna ar a laghad. Ní fios cé a chum.

Seans gur bhain an Caoineadh le dráma diaga de chuid na meánaoiseanna. Bhíodh sé de nós ag mná caointe i dtuaisceart Éireann páirt na dtrí Mhuire a ghlacadh agus iad ag rá an amhráin seo ag sochraidí.[3]

Bíonn móitífeanna Eorpacha agus Éireannacha measctha ins na hamhráin seo in Éirinn.

Bhíodh leaganacha de coitianta ar fud na tíre, agus bhí roinnt díobh á mbailiú ó thús an fichiú céad.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Caoineadh na dTrí muire : téama na Páise i bhfilíocht bhéil na Gaeilge[6] le Angela Partridge (An Clóchomhar, 1983.)
  1. Margaret Gallagher (2017). "Paidreacha Traidisiúnta ár Sinsear – Taisce Luachmhar". Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 26 (2): 69–86. ISSN 0488-0196.
  2. Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg, Peadar Ó Ceannabháin (CIC) (2015). "Leabhar Mór na nAmhrán". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-16. Dáta rochtana: 2021-04-03.
  3. O'Donoghue, Marguarita Veronica (nuigalway.ie) (2016). "Fios na mban. The role of women in death and burial customs in Erris in post-famine Ireland: evidence from the archive of the Irish Folklore Commission". Dáta rochtana: 2021.
  4. Nicholas Carolan (2015). "Caoineadh na dTrí Muire, á chasadh ag Seosamh Ó hÉanaí (CIC)". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2021-04-03.
  5. "Cór Cúil Aodha." (en-GB). Peadar Ó Riada (2012-02-22). Dáta rochtana: 2021-04-03.
  6. Angela Partridge - Téacsanna filíochta i dtraidisiún béil na Gaeilge (gearr agus fada) a chuireann síos ar Pháis Chríost agus ar chumha na Maighdine Muire Aoine an Chéasta (1983). "Caoineadh na dTrí muire: téama na Páise i bhfilíocht bhéil na Gaeilge" (as Irish). Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. OCLC 879225683.