Caoilinn Hughes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaoilinn Hughes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1985
38/39 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

File agus scríbhneoir Éireannach is ea Caoilinn Hughes (rugadh 29 Iúil 1985). Bronnadh go leor gradam ar a dánta, gearrscéalta agus úrscéal amháin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBaile an Chláir, Contae na Gaillimhe í. D'fhreastail sí ar an gColáiste Doiminiceach, An Bóthar Ard, i nGaillimh. Fuair sí amach céimeanna ón Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, BA i Litríocht na mBéarla agus MA i nDrámaíocht agus Cultúr Éireannach an 19ú hAois[1][2]. Bhí sí ina cónaí sa Nua-Shéalainn ó 2007-2014, ag obair leis an gcomhlacht Google, ag rith comhairleacht bheag, agus ag staidéar PhD i Litríocht na mBéarla ón Ollscoil Victoria, Wellington. I 2014, ghlac sí post trí bliana mar Léachtóir/Scríbhneoir ar Cuairt san Ollscoil Maastricht, An Ísiltír. Anois is scríbhneoir lánaimseartha í.[1][3]

I 2014, d'fhoilsigh Hughes cnuasach dánta, Gathering Evidence (Carcanet Press). Bhuaigh é an Duais Irish Times Shine/Strong i 2015. Bhuaigh an bailiúchán agus na dánta roinnt dhuaiseanna eile, an Duais Patrick Kavanagh (2012) agus Duais Scríbhneoireacht Nua Cúirt (2013) ina measc[2][4][5][6].

Foilsithe an chéad úrscéal Hughes, Orchid & the Wasp (Oneworld/Hogarth), i 2018[7]. Glacadh go maith leis an úrscéal. Bhuaigh é an Duais Collyer Bristow i 2018 agus ainmnithe é do roinnt dhuaiseanna eile: Duais an Leabhar Mór Hearst, Duais Litríocht Idirnáisiúnta DUBLIN, Duais Litríocht Buitléir, agus Duais Chlub na nÚdar - An Chéad Úrscéal is Fearr[8][9][10][11]. I 2018, bhuaigh Hughes an Duais Gearrscéal an Leamhan leis an scéal Psychobabble agus i 2019, bronnadh Duais O. Henry uirthi leis an ngearrscéal Prime[12].

Is comhalta í na Fhondúireacht James Merrill, Fondúireacht Bogliasco, Centre Culturel Irlandais, Ceardlann an Samhradh Tin House, agus Art Omi. Ghlac sí Duais Litríocht Sparánacht ó An Chomhairle Ealaíon, agus Duais Ireland Funds Monaco[13].

Léirítear scríbhneoireacht Hughes i bhfoilseacháin éagsúla, Léirmheas Filíocht Éireann, Díolaim 1, Filíocht Anois, Coicís, Tin House, POETRY, Granta, Filíocht Bhriotanach is Fearr, BBC Raidió 3, Southword, An Gob Buí, Leabhair Nua-Shéalainn, agus in áit eile[8][13][6].

D'fhoilsigh Hughes a dara húrscéal, The Wild Laughter (Oneworld Publications) i mBealtaine 2020[10]. Bhuaigh an t-úrscéal Gradam Encore ó Chumann Ríocht na Liteartha i 2020, le duais £10,000. Ainmnithe an leabhar do roinnt dhuaiseanna eile: Duais Dylan Thomas, Duais An Post - Leabhar Éireannach na Bliana, agus Gradam Liteartha Deilginis. I 2021, ceapadh ina Comhalta Scríbhneoireacht í de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[14][15][16][17]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Bronnadh Duais Teideal Saothar
2012 Buaiteoir Duais Patrick Kavanagh[2] Gathering Evidence Dánta ó Gathering Evidence
Duais STA Travel Writing[18]
2013 Duais Scríbhneoireacht Nua Cúirt[6]
Comhartas Trócaire/Filíocht Éireann[19]
2014 Gearrliosta Duais Leabhar NZ Post[20] Cnuasach Dánta
2015 Duais an Ionad Seamus Heaney[5]
Buaiteoir Duais Shine/Strong Irish Times[4]
Sa Bhabhta Ceannais Duais Filíocht Piggott[21]

(Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail)

Cumann na Ríoga Nua-Shéalainn,

Duais Leabhar Eolaíocht[22]

2019 Buaiteoir Duais O. Henry[23] Prime Gearrscéalta
Duais Gearrscéal an Leamhan[24] Psychobabble
Triú hÁit Duais Gearrscéal an Leamhan[25] Standard Deviation
Buaiteoir Duais Collyer Bristow[10] Orchid & The Wasp Úrscéal
Gearrliosta Duais An Leabhar Mór Hearst[8]
Duais Litríocht Buitléir[7]
Liosta fada Duais Chlub na n-Údar -

An Chéad Úrscéal is Fearr[9]

2020 Duais Litríocht Idirnáisiúnta DUBLIN[11]
Gearrliosta Duais An Post - Úrscéal na Bliana[26] The Wild Laughter Úrscéal
Duais An Post RTÉ Raidió 1 - Rogha na hÉisteoirí [27]
2021 Buaiteoir Gradam Encore RSL[28]
Liosta fada Duais Dylan Thomas[29]
Gearrliosta Gradaim Liteartha Deilginis[30]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Sue Leonard (2018-07-30). "Caoilinn Hughes." (en-US). Sue Leonard. Dáta rochtana: 2020-02-03.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Prize-winning poet tells how love changed her life" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  3. "Caoilinn Hughes, Shortlisted for the Pigott Poetry Award, Talks All Things Poetry" (en-GB). Listowel Writers' Week Literary Festival (2015-05-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-03. Dáta rochtana: 2020-02-01.
  4. 4.0 4.1 "Caoilinn Hughes" (en-US). Granta Magazine and Granta Books. Dáta rochtana: 2020-02-03.
  5. 5.0 5.1 "Carcanet Press - Gathering Evidence". www.carcanet.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-01.
  6. 6.0 6.1 6.2 London Review Bookshop. "Welcome" (en). London Review Bookshop. Dáta rochtana: 2020-02-03.
  7. 7.0 7.1 "Orchid & the Wasp" (en). UK. Dáta rochtana: 2020-02-02.[nasc briste go buan]
  8. 8.0 8.1 8.2 Christian Tobin (2019-05-08). "Big Book Awards 2019 shortlist reveals the hottest reads of the summer" (en-GB). Cosmopolitan. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  9. 9.0 9.1 "Best First Novel Award" (en-GB). www.authorsclub.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 Robert Greer (2019-10-04). "News | Collyer Bristow Prize: Caoilinn Hughes wins for Orchid & the Wasp" (en-GB). The London Magazine. Dáta rochtana: 2020-02-01.
  11. 11.0 11.1 "2020 International DUBLIN Literary Award Longlist Announced | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  12. "Caoilinn Hughes and Alexander MacLeod win O. Henry Prize" (en-US). Granta Magazine and Granta Books. Dáta rochtana: 2020-02-03.
  13. 13.0 13.1 "Carcanet Press - Caoilinn Hughes". www.carcanet.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  14. Martin Doyle. "Caoilinn Hughes wins £10,000 Encore award for The Wild Laughter" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-29.
  15. Martin Doyle. "Shortlists for Dalkey Literary Awards 2021 revealed" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-29.
  16. Arts Council webmaster (2021-03-02). "Writer-in-Residence/Fellowship appointments for 2021". www.artscouncil.ie. Dáta rochtana: 2021-05-29.
  17. "The Wild Laughter by Caoilinn Hughes review – an Irish Cain and Abel" (en). the Guardian (2020-07-04). Dáta rochtana: 2021-05-27.
  18. "Caoilinn Hughes : poetic evidence" (en-nz). RNZ (2014-03-08). Dáta rochtana: 2020-02-02.
  19. "Trócaire Poetry Book 2013".
  20. "NZ Post Book Awards 2014 Finalists Announced".
  21. "Caoilinn Hughes, Shortlisted for the Pigott Poetry Award, Talks All Things Poetry" (en-GB). Listowel Writers' Week Literary Festival (2015-05-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-03. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  22. "Gathering Evidence" (en). Victoria University Press. Dáta rochtana: 2020-02-03.
  23. "Announcing the 100th Annual O. Henry Prize" (en-US). Literary Hub (2019-05-16). Dáta rochtana: 2020-02-02.
  24. "The Moth Magazine". www.themothmagazine.com. Dáta rochtana: 2020-02-01.
  25. Caoilinn Hughes. "‘Standard Deviation’ by Caoilinn Hughes: third place in The Moth short story prize" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-02.
  26. "Novel of the Year Shortlist". Dáta rochtana: 27 Bealtaine 2021.
  27. An Post. "Listeners Choice Award Shortlist". Dáta rochtana: 27 Bealtaine 2021.
  28. Sinéad Crowley (2021-05-20). "Writer Caoilinn Hughes wins 2021 Encore Award" (as en). 
  29. The Irish World. "Naoise Dolan and Caoilinn Hughes on Dylan Thomas Prize Longlist". Dáta rochtana: 27 Bealtaine 2021.
  30. Martin Doyle. "Shortlists for Dalkey Literary Awards 2021 revealed" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-29.