Jump to content

Caisleán Dhún Másc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Dhún Másc
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPort Laoise, Éire
Map
 53°01′54″N 7°12′37″W / 53.031666666667°N 7.2102777777778°W / 53.031666666667; -7.2102777777778
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir615

Lomán creagach i gContae Laoise, Éire is ea Dún MáscCarraig Dhún Másc[1] Ag ardú 46 m (151 tr) os cionn mhachaire, tá fothracha Chaisleán Dhún Másc ann, daingean cosanta a théann siar go luath sa tréimhse Normannach le radharc trasna go Sléibhte Shliabh Bladhma. Tá sé in aice le bóthar an N80 idir bailte Phort Laoise agus An Sráidbhaile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Dhún Másc san oíche
Fothrach an chaisleáin
Fothrach an chaisleáin
Plean den chuma ar an gcaisleán ar dtús

Léirigh tochailtí sna 1990idí gur socraíodh an Charraig den chéad uair sa 9ú haois nuair a tógadh dún cnoic ar an suíomh. Ba é Dún Másc an chéad lonnaíocht aitheanta ar an gcarraig, lonnaíocht luath-Chríostaí a rinne na Lochlannaigh chreacha ar sa bhliain 842. In 845 d’ionsaigh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath an láthair agus maraíodh ab Thír Dhá Ghlas, Aodh mac Dub dá Chrích ann. [2] Níl aon fhianaise shoiléir ar áitiú sa 10ú-11ú haois.

Tógadh an caisleán sa dara leath den 12ú haois.

Nuair a tháinig na Normannaigh go hÉirinn ag deireadh an 12ú haois, ba é Dún Másc an daingniú Normannach is tábhachtaí i Laois.

Níos déanaí, nuair a phós iníon Strongbow agus iníon Aoife agus oidhre, Isabel, chuaigh an caisleán i lámha chlann Marshal. Bhí cúigear mac ag William Marshal, a rinneadh ina leasrí ar Shasana roimh go tháinig Anraí III in aois, agus tháinig siad go léir i gcomharbacht air ar a seal agus d'éag gan sliocht. Mar sin sa bhliain 1247 roinneadh na tailte Marshal ar chúigear iníonacha William. Chuaigh Dún Másc chuig Eva Marshal agus ansin ar a hiníon, Maud, a bhí pósta le Roger Mortimer. D’fhan an caisleán i lámha Mortimer go dtí 1330 nuair a cuireadh chun báis Roger Mortimer eile mar gheall ar thréas. Faoin am a raibh an teaghlach Mortimer athshlánaithe is cosúil go raibh an caisleán imithe as an gceantar a bhí faoi smacht na Normannaigh. Is cosúil go raibh sé ina sceall fothrach faoin mbliain 1350.

Ó na 1350idí nó 1400idí agus go dtí an 16ú haois ba chuid de thalamh mhuintir chumhachtach Uí Mhórdha (Moore nó Ó Mórdha anois) é a bhí i gceannas ar Chontae Laoise ar feadh na gcéadta bliain go dtí an 16ú nó 17ú haois nuair a thug siad aghaidh ar fhreasúra mór ó na Sasanaigh. Bhí Ruairí Óg Ó Mórdha cáiliúl de bharr a frithbheartaíocht in aghaidh na Sasanaigh. Mar sin, tugtar "The O'Moore County" ar Chontae Laoise inniu. Tá aistriú na nÓglach ó Laois go tailte nua curtha chun cuimhne amhlaidh i dán ón 19ú haois, Transplanted, le William O’Neill:

But vain I wait and listen for Rory Og is dead,
And in the halls of Dunamase a Saxon rules instead,
And o'er his fruitful acres the stranger now is lord
Where since the days of Cuchorb a proud O'Moore kept ward.

Ba Ruairí Óg Ó Mórdha, Tiarna Laoise, úinéir cáiliúil den chaisleán. D’fhág na hUí Mhórdha an caisleán agus bhog siad go Cill Dara, ar thalamh a bhronn col ceathrar Rory O’More, Eilís I Shasana orthu, dóibh i 1574. Rinneadh teaghlach Moore de mhuintir Uí Mhórdha, cé gur phós Ó Mórdha i 1751 le teaghlach O’Ferrall, a ghlac leis an sloinne More O’Ferrall ina dhiaidh sin. Laghdaíodh an teaghlach ó cheann de na teaghlaigh Éireannacha ba chumhachtaí go dtí na huaisle caighdeánacha, cé gur dhiúltaigh na More O’Ferralls piaráiste sa 17ú haois agus níos déanaí barúntacht sa 19ú (tá sé de cheart acu fós an teideal Thiarna, a úsáid). Laoise, agus dírítear uaireanta ar cheann an teaghlaigh mar sin). In ainneoin an athraithe stádais, áfach, tá ról tábhachtach fós ag an teaghlach i stair na hÉireann ó bhog siad. Ní raibh aon pháirt ag an chaisleán i gcogaí Chromail . Rinne scrios ar i 1650 chun chosc a chuir ar a úsáid. I ndeireadh an 18ú haois thosaigh Sir John Parnell ag tógáil halla féasta laistigh den fhothrach agus chuimsigh an saothar seo sonraí ailtireachta meánaoiseacha a tógadh ó shuímh eile sa cheantar.

Cur Síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an caisléan suite ar lomán creagach. Tá halla mór timplithe le imbhalla. Tá cúlgheata éalaithe don thiar theas agus teach geata don thoir theas, a osclaíonn isteach i barbacán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hodkinson (2003). "The Medieval Castle in Ireland and Wales". Dublin: Four Courts Press. ISBN 9781851827268. 
  • Hodkinson (2003). "The Sources for the History of Dunamase Castle". Laois Heritage Society Journal (1). 

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dunamase”. Placenames Database of Ireland. Dáta rochtana: 12 August 2013.
  2. Annals of Ulster 845.2; Cogad Gaedel re Gallaib 19.