Jump to content

Radacarbón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó C-14)
Bosca Sonraí IseatópRadacarbón
Núicléónuimhir14
SímbolC Cuir in eagar ar Wikidata
Neodróin8 Cuir in eagar ar Wikidata
Prótóin6 Cuir in eagar ar Wikidata
Leathré5,700 a Cuir in eagar ar Wikidata
Mais iseatópach14.0032419884 Da agus 14.003 Da Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0 Cuir in eagar ar Wikidata
Fuinneamh ceangailteach105,284.466 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht1 Cuir in eagar ar Wikidata
Táirge díscaoiltenitrogen-14 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carbon-14
1. foirmiú 2. lobhadh 3. beothach = marbh (nó lobhadh)

Is éard atá i gceist leis an radacarbón[1] ná an t-iseatóp radaighníomhach de chuid an charbóin atá ar fáil sa dúlra, nó 14C, C-14carbón-14.

Is é 12C an t-iseatóp is coitianta atá ag an gcarbón, agus sé phrótón is sé neodrón - nó dhá núicléón déag ar fad - sa núicléas aige, agus is iseatóp cobhsaí, neamh-radaighníomhach é. An radacarbón, áfach, tá dhá neodrón níos mó aige, agus is dual dó an cineál meath radaighníomhach teacht air a dtugtar béite-mheath air. Go bunúsach, iompaíonn ceann de na neodróin i núicléas an radacarbóin go prótón, ionas go gcruthaítear 14-N, iseatóp de chuid na nítrigine nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós.

Cruthaítear radacarbón go nádúrtha thuas san atmaisféar faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Sin í an fhoinse a sholáthraíonn adaimh nua radacarbóin de réir mar a thagann meath ar na seanchinn. Tá leathré an radacarbóin chomh gearr is nach iseatóp príomhordúil é, ach iseatóp cosmaigineach. Is é sin, caithfidh an radaíocht chosmach núicléis nua radacarbóin a sholáthar, nó tháinig meath radaighníomhach cheana féin ar an oiread radacarbóin a bhí ann san am a foirmíodh an Domhan agus an grianchóras.

Is í an leathré atá ag an radacarbón ná timpeall ar 5700 bliain. Baintear úsáid as an radacarbón sa dátú radacarbóin (carbóntréimhsiú). Bíonn céatadán an radacarbóin i gcarbón na n-organach beo sách do-athraithe, agus iad ag idirghníomhú leis an gcarbón ina dtimpeallacht. I ndiaidh bhás an orgánaigh, áfach, tagann laghdú ar an gcéatadán seo agus an radacarbón ag meath. Mar sin, is féidir breithiúnas a thabhairt ar aois na n-iarsmaí bitheolaíocha tríd an radaighníomhacht a fhanann iontu a thomhas.

Ba iad na ceimiceoirí Sam Ruben, Meiriceánach, agus Martin Kamen, Ceanadach, a d'aithin an radacarbón mar iseatóp ar leith an chéad uair, thiar i Saotharlann Radaíochta Berkeley, ar cuid í d'Ollscoil California, ar an 27ú Feabhra 1940

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): radacarbón” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-03.