Dátú radacarbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dátú radacharbóin)
tollpholl ar chlé

Modh dátaithe ábhar orgánach, atá suas le 60,000 bliain d'aois, is ea dátú radacarbóin. Úsáidtear an t-iseatóp C-14 mar tháscaire i staidéar ar mheitibileacht sa bhitheolaíocht, agus dátú radaighníomhach.[1] Táirgtear an raidiseatóp carbóin, C-14, an t-am ar fad trí irnbhuailtí gathanna cosmacha le móilíní san ardatmaisféar, agus baintear feidhm as sin i ndátú carbón-14.

Teicníc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionsúnn ainmhithe is plandaí beo carbón, cuid de an t-iseatóp radaighníomhach C-14. Nuair a fhaigheann an t-orgánach bás ní thógann sé tuilleadh carbóin isteach, agus de réir mar a mheathann an C-14 ann, laghdaíonn a chodán den charbón iomlán ann. Bíonn an codán seo intomhaiste i sampla an-bheag, fiú, agus díreach i gcomhréir leis an bhfad ama ó bhás an orgánaigh.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair Willard Libby an teicníc i 1948-1949. Tá dátú radacarbóin an-tábhachtach i ndátú seandálaíoch inniu. Tá sé feidhmiúil go 60,000 bliain ó shin.[2][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Dátú radacharbóin (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.
  2. "What's the greatest age that a thing can be able to be dated by carbon 14?" (en). Quora. Dáta rochtana: 2024-01-10.