Jump to content

Cónaidhmeacht dhaonlathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cineál sóisialachais liobraíoch cónaidhmeacht dhaonlathach.

D'fhorbair Abdullah Öcalan, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine, cónaidhmeacht dhaonlathach le linn na 90idí agus níos déanaí. Tar éis thitim an Aontais Shóivéadaigh, d'éirigh Öcalan in amhras faoin Mharxachas. Rinne sé staidéar ar an stair, ar mhiotaseolaíocht na Measpatáime, agus ar shaothar Murray Bookchin, ainrialaí Meiriceánach. Dar le Öcalan, bhí "sochaí nádúrtha" ann 10,000 bliain ó shin. Bhí an tsochaí seo comhchoiteann agus cothromaíoch in inscne: "Le linn na Ré Neoilití, cruthaíodh ord sóisialta comhchoiteann iomlán, sóisialachas ársa mar a deirtear, ar na mná, ord sóisialta nach bhfaca cleachtaidh fhorfheidhmiú an oird stáit." D'fhorbair an phatrarcacht, áfach, agus scriosadh an tsochaí nádúrtha. Forbraíodh céimlathas agus sclábhaíocht agus sochaí aicmeach dá bharr. Mar thoradh, dúirt Öcalan gur chóir dúinn sochaí nádúrtha a bhunú anois agus anseo, sochaí gan stát, gan patrarcacht, gan aicme, agus leis an éiceolaíocht. Thug Öcalan "nua-aimsearthacht dhaonlathach" nó "féinriail dhaonlathach" ar an tsochaí seo.

Is í an chónaidhmeacht dhaonlathach an teoiric treorach Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine in Bakurê (Cordastáin Thuaidh), Pháirtí Aontais Dhaonlathaigh (Partiya Yekîtiya Demokrat‎) i Rojava (Cordastáin Thiar), agus Ghluaiseacht le haghaidh Sochaí Daonlathaí (Coirdis: Tevgera Civaka Demokratîk‎ ; Araibis: حركة المجتمع الديمقراطي) i dTuaisceart na Siria. In Rojava, cleachtar cónaidhmeacht dhaonlathach leis na comúin áitiúla agus leis na comhfhiontair. Caithfidh 40% de na baill ar a laghad bheith ina mná. Is leis na comúin é an talamh agus na hacmhainní. Tá an tsochaí áitiúil ag feidhmiú gan stát dá bharr.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]