Cóilín Sheáin Dharach Seoige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCóilín Sheáin Dharach Seoige
Beathaisnéis
BreithAibreán 1918
Ros Muc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
BásAibreán 2001
82/83 bliana d'aois
Áit chónaitheRos Muc
Gníomhaíocht
Gairmdamhsóir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínJohn Sheáin Dharach Seoige

Damhsóir ar an sean-nós as an gCladach Ó Dheas i Ros Muc ab ea Cóilín Sheáin Dharach Seoige, nó Cóilín Sheáin Dharach mar ab fhearr aithne air.[1] Bhí sé ina chónaí ar an gCladach Ó Dheas ar feadh a shaoil lena dheirfiúr Meaig (a bhí ina damhsóir cumasach freisin) agus lena dheartháir John (amhránaí den chéad scoth). Níor thosaigh Cóilín féin ag damhsa go dtí go raibh tríocha bliain slánaithe aige. Ghlac sé páirt i gComórtas Mháirtín Beag Ó Gríofa a bhí faoi stiúir Pléaráca Chonamara agus Tigh Sé ó 1991, agus bhain sé an chraobh amach faoi dhó, é 78 bliain d'aois an dara huair.[2]

Reáchtáiltear comórtas damhsa sean-nóis gach bliain i Ros Muc i gcuimhne air, Féile Chóilín Sheáin Dharach.[3]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Cérbh é Cóilín?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-13. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  3. "Suíomh Chóilín Seoige". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-18. Dáta rochtana: 2024-01-22.