John Sheáin Dharach Seoige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Sheáin Dharach Seoige
Beathaisnéis
BreithRos Muc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínCóilín Sheáin Dharach Seoige

Amhránaí ar an sean-nós agus boscadóir as an gCladach Ó Dheas i Ros Muc ab ea John Sheáin Dharach Seoige (nó John Joyce).[1] Bhí sé ina chónaí ar an gCladach Ó Dheas ar feadh a shaoil lena dheirfiúr Meaig agus lena dheartháir Cóilín (an bheirt acu ina ndamhsóirí cumasacha), seachas tréimhe a chaith sé i Sasana “ar an mbeet” i 1950.[1] Níor bhain John cáil amach as a chuid ceoil go dtí gur ghlac sé páirt sa chomórtas sean-nóis ag an Oireachtas in Inis i 1990.

Fuair John go leor amhrán óna mháthair Nóra Ní Niadh as an Turlach, bean a bhuaigh duais damhsa i gCarna nuair a bhí sí óg.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.