Cás R v Penguin Books Ltd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCás R v Penguin Books Ltd
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1960 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bhí Allen Lane i mbun Penguin ag an am; anseo sa bhliain 1965
eagrán m iomlán foilsithe don chéad uair sa bhliain 1959/1960

Cúiseamh, a bhain le foilsiú an úrscéil 𝙇𝙖𝙙𝙮 𝘾𝙝𝙖𝙩𝙩𝙚𝙧𝙡𝙚𝙮'𝙨 𝙇𝙤𝙫𝙚𝙧 le D.H. Lawrence, ab ea R v Penguin Books Ltd. sa bhliain 1960 i Sasana. Bhí cás an ionchúisimh bunaithe ar an Obscene Publications Act 1959.

D.H. Lawrence, 1912

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Lawrence an leabhar amach sa bhliain 1928, ach dáileadh é ar bhonn príobháideach.

Ar thaobh an ionchúisimh sa bhliain 1960, bhí an t-abhcóide míchlúiteachMervyn Griffith-Jones ann mar ionchúisitheoir.[1] Chuir sé an cheist ar an ngiúiré, 'Ar mhaith leat go léifeadh do bhean chéile nó do sheirbhísigh leabhar dá leithéid?'.[2] Ní raibh ann ach ach graostacht faoi scáth na healaíne, a dúirt an t-ionchúiseamh..

Plaic Penguin, 8 Vigo Street, Londain

Ar 2 Samhain 1960, thug giúiré de chuid an tSean-Bhábhúin fíorasc neamhchiontachta sa chás. An lá dár gcionn, dár gcionn, dhíol Penguin 200,000 cóip den leabhar, agus dhá mhilliún idir 3 Samhain - 15 Nollaig.

Ceaptar go forleathan sa lá atá inniu ann gur thuar na n-athruithe sóisialta agus cultúrtha a tharla sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha eile san Iarthar sna 1960idí a bhí sa chinneadh seo. Bhí an triail ina chor cinniúnach chomh maith i bhforbairt dhlíthe na graostachta i Sasana agus sa Bhreatain Bheag,v

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2009 scríobh An Dochtúir Eoin O'Dell (An Scoil Dlí, Coláiste na Tríonóide) postáil blag maidir leis na torthaí a bhí ar chásanna dlí faoin úrscéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Ríocht Aontaithe. Féach anseo Curtha i gcartlann 2021-11-02 ar an Wayback Machine.[3][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Fíorasc ar Leannán Lady Chatterley". Dáta rochtana: 2021.
  2. Chuir sé ceist den chineál céanna ar an ngiúiré sa bhliain 1954, i dtriail Walter Baxter agus Heinemann as an úrscéal The Image and the Search le Baxter a fhoilsiú, cás eile a chríochnaigh le fíorasc neamhchiontachta.
  3. Eoin O'Dell (2009). "Is Lady Chatterley’s Lover obscene? – cearta.ie" (en-IE). Dáta rochtana: 2021-11-02.