Bunús na Gealaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bunús na Gealaí

Tháinig an Ghealach is an Domhan araon ó phrótadomhan amháin. Moltar gur imbhuail rinn neimhe éigin, astaróideach ollmhór nó fiú pláinéad éigin chomh mór le Mars, leis an bprótadomhan gur bhris píosa amach chun an Ghealach a dhéanamh is an Domhan a fhágaint ina diaidh. Compánach nó satailít don Domhan atá sa Ghealach. Taistealaíonn siad araon, mar aonad, timpeall na Gréine. Rothlaíonn an Domhan is fithisíonn an Ghealach thart timpeall an Domhain ag an am céanna. Ach nuair a ríomhtar móiminteam uilleach na Gealaí timpeall ar an Domhan, is mó ar fád é ná móiminteam an Domhain thart ar a ais. Más ón mbunréad céanna an dá rinn, ní léir conas is féidir móiminteam uilleach chomh mór sin a bheith ag an nGealach i gcomparáid leis an Domhan. Tá céatadán an iarainn sa Ghealach níos lú ná sa Domhan. Ní mór gur ó thréithe an reanna imbhuailte is uillinn na himbhuailte a bheith oiriúnach a tháinig na difríochtaí is na contrárthachtaí seo idir Gealach is Domhan.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bunús na Gealaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 99.