Bunús na Cruinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bunús na Cruinne

Is éard is Bunús na Cruinne ann ná an tsamhail is coitianta anois gur phléasc ábhar is fuinneamh uile na Cruinne, a bhí cruinnithe i bponcstaid fhíordhlúth fhíorthe, in ollphléasc timpeall 20,000 milliún bliain ó shin. Ina dhiaidh sin, le linn d'ábhar na Cruinne a bheith ag forleathnú amach ón mbunphointe, tháthaigh na réaltaí as scamaill hidrigine is héiliam, théigh siad sa táthú is thosaigh ag comhleá, go mór mór ina gcroíleacáin. Le himeacht ama, phléasc cuid de na réaltaí chun scamaill nua a chumadh is an bunábhar do réaltaí nua a sholáthar. Bhailigh na réaltaí ina mbraislí ar a dtugtar réaltraí. Tá fós an-chuid ábhair, gáis, deannaigh is réad de gach méid amuigh sa spás i mbun an bhunfhorleathnaithe ach faoi fheidhmiú ag fórsaí imtharraingthe na reann mór eile. Is réalta í ár nGrian de chuid Bealach na Bó Finne, réaltra ina bhfuil na mílte milliún réaltaí eile. Is iad na príomhfhianaisí go bhfuil an Chruinne á forleathnú an t-am ar fad ná an radaíocht chúlra mhicreathonnach chosmach, agus deargaistriú an tsolais a ghlacaimíd ó na réaltraí a bhfuil staidéar déanta orthu. Edwin Hubble a thairg an tsamhail seo i 1929.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bunús na Cruinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 99.