Buachalán buí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBuachalán buí
Jacobaea vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
GéineasJacobaea
SpeiceasJacobaea vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata
Gaertn., 1791

Is éard is buachalán buí[1] ann ná planda folláin débhliantiúil nó ilbhliantúil a fhásann suas le 1.5 m ar airde, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise, bíodh is gur tugadh isteach é in an-chuid réigiún ar fud an Domhain. Na duilleoga le liopaí fiaclacha neamhrialta. An-chuid ceannbhláthanna, suas le 2.5 cm ar leithead, geal buí órga, rud beag cosúil le nóinín, i gcrobhaingí barrleata. Nimhiúil do stoc feirme má itear méid mór de, ach ar an dea-uair, seachnaíonn beithígh é is iad ag iníor.[2]

Buachalán buí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Senecio jacobaea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Buachalán buí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.