Jump to content

Brian Ó Baoill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Ó Baoill
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is údar agus feachtasóir Gaeilge agus gníomhaí pobail é Brian Ó Baoill[1] (9 Nollaig 1929[2] i mBealach an Doirín a rugadh é).

I mBealach an Doirín ar theorainn Mhaigh Eo agus Ros Comáin a tógadh Brian Ó Baoill. Is i nGaeltacht Chois Fharraige atá formhór a shaoil caite aige.

Chaith Brian Ó Baoill mí sa phríosún nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a cheannach mar agóid in aghaidh an easpa clár Gaeilge a bhí ar RTÉ ag an am.

Chaith Brian Ó Baoill seal ag obair i Londain agus i gCeanada freisin.

Bhí Brian Ó Baoil ina chéadmholtóir ag Glór na nGael.

Píosa Litríocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • (Dáta anaithnid) Gleann Álainn. Dráma.
  • 1957 Ár gCeol Féin. Amhráin Ghaeilge. Féinfholsaithe.
  • 1965 Idir Huron agus Hudson. Treimhse i gCeanada. FNT.
  • 1969 An Bealach Rúnda. Leabhar agus Dlúthdhiosca. An Gúm agus Gael-Linn.
  • 1975 Cuairt ar Cymru. Taisteal. FNT
  • 1980 Cé hé Bhur gCara? An Gúm.Úrscéal do dhéagóirí.
  • 1983 Ciste An Rí. An Gúm. Úrscéal do dhéagóirí.
  • 1989 Turas go Panama. Aistriúchán do Thelegael. Do Ghasúir.
  • 1992 Guthanna i gCoill na Lon. Filíocht. Cló Iar-Chonnachta
  • 1998 Gairdín an tSonais: Leabhar agus Dlúthdhiosca. An Gúm
  • 1998 Sútha Talún agus Drámaí eile (5). Cló Iar-Chonnachta
  • 2000 Scéin Scátháin. Aistriúchán ón mBreatnais. Cló Iar-Chonnachta.
  • 2001 An Corpán, (Aistriú ón Bhr.) Déagóirí, Cló Iar-Chonnachta
  • 2003 Bózó agus drámaí eile. (5)  Cló Iar-Chonnachta.
  • 2004 Stiúidió Eagla. (Aistriú ón Bhr.) Cló Iar-Chonnachta.
  • 2006 Coill na Meala. Úrscéal. Coiscéim.
  • 2006 NT7: Bagairt ón Spás. Aois 13-15. Coiscéim
  • 2008 Na Gadaithe Dána agus scéalta eile. Coiscéim.
  • 2009 Ionsaí! Comhúdar Oisín Ó hEartáin. Coiscéim.
  • 2010 Tubaiste agus Drámaí Eile. (4) lulu.com.
  • 2010 Bealtaine. Úrscéal. Aodh Dubh Ó Néill agus Cromwell. Coiscéim.
  • 2011 Dubhach Thrá. Úrscéal. Coiscéim.
  • 2012 Na Donnghailigh Dhubha. Úrscéal. Coiscéim.
  • 2012 Eachtraí Oscair agus Aoife. Comhúdar Oisín Ó hEartáin. Coiscéim.
  • 2013 Gaistí Geilt. Úrscéal. Coiscéim.
  • 2013 An Taibhse Glas. Na Fíníní. Ceanada 1866. Coiscéim
  • 2016 Pátrún na Sailí. Coiscéim.
  • 2016 An Sosa agus drámaí eile le ceol. CD. (3) Coiscéim
  • 2017 An Nollaig Abú. Aoisghrúpa 9-12. Comhúdar Colm Ó hEartáin. Coiscéim.
  • 2018 Thomas D’Arcy Mac Aoidh. Úrscéal bunaithe ar a shaol. Coiscéim.
  1. "Aerscéalta, Saol, Eanáir 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-12-30. Dáta rochtana: 2012-01-18.
  2. "GAILEARAÍ: 90 bliain bainte amach ag Brian Ó Baoill agus ceiliúradh déanta ar na gaiscí go léir a rinne sé" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-12-10). Dáta rochtana: 2025-02-27.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]