Jump to content

Breandán Ó Conaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBreandán Ó Conaire
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Valladolid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, léachtóir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Phádraig, Droim Conrach (19702007) Cuir in eagar ar Wikidata


LinkedIn: breandán-ó-conaire-547184109 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, scoláire Gaeilge agus dornálaí ba ea Breandán Ó Conaire (a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhásaigh ar an 21 Iúil 2025).[1][2] Chaith sé blianta ag múineadh i gColáiste Phádraig, BÁC. Is iomaí leabhar atá scríofa aige, leabhair faoi Myles na gCopaleen agus faoi mhuintir na mBlascaodaí ina measc. Iar-Uachtarán Chumann Dornálaíochta Lúthchleasaíochta na hÉireann ba é chomh maith.[3][4]

ina cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach

Rugadh é i mBaile Átha Cliath ach bhog a mhuintir timpeall na tíre go minic.... Luimeach, Gaillimh, agus Port Láirge go hairithe.[4] Fuair sé a chuid scolaíochta i Scoil Eoin Baiste, Cluain Tarbh, i gColáiste San Froinsias, Rinn Mhic Ghormáin, i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in Ollscoil Valladolid agus i gColáiste na hOllscoile (B.Á.C.).

Ba Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i gColáiste Oideachais Phádraig Naofa, Baile Átha Cliath agus ansin ina cheann ar Roinn na Gaeilge.[5]

Dornálaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Breandán Ó Conaire dhá théarma, 1996-2006, ina Uachtarán ar Chumann Dornálaíocht Lúthchleasaíochta na hÉireann. D’éirigh leis ord agus eagar a chur ar an gcumann a raibh drochbhail air roimh a theacht, an cumann go domhain i bhfiacha agus trína chéile ag aighnis faoina bhunreacht.

Sa mbliain 2006 ceapadh é ina Chathaoirleach ar Choiste Réiteoirí agus Moltóirí Chumainn Dornálaíocht Amaitéarach na hEorpa. Sa bhliain 2023 ainmníodh Breandán i Halla na Laoch ag Cumann Dornálaíochta Lúthchleasaíochta na hÉireann [IABA] agus bhronn an cumann Gradam Uachtarán an IABA air.[3]

Ba mhinic é ag déanamh anailíse ar chúrsaí dornálaíochta ar TG4.[5]

Bhí saothar foilsithe aige ar nuascríbhneoirí na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Tomás Ó Criomhthain, Pádraig Óg Ó Conaire is araile, ar stair litríochta agus ar stair athbheochan na Gaeilge. Rinne sé eagarthóireacht ar Dhuanairí filíochta, ar shaothar le Dubhghlas de hÍde. Bhí Breandán ina stiúrthóir ar Chomhdháil an Chraoibhín agus ina eagarthóir ar an iris liteartha Proceedings 1990–2002.[5]

Bhí saothar leis i dtréimhseacháin éagsúla; Studia Hibernica, Léann, Seanchas Ard Mhacha, Irish Economic and Social History, Irish University Review, History Ireland, Scríobh, Comhar, Aimsir Óg, Nua-Aois, The Irish Times, Education Times. The Encyclopaedia of Ireland agus Dictionary of Irish Biography.

  • Éigse (1974)
  • Go Meiriceá Siar (1979)
  • The Songs of Connacht/Amhráin Chúige Chonnacht (1985)
  • Language, Lore and Lyrics (1986)
  • Myles na Gaeilge (1986); phléigh sé go mion a chasta agus a dhoimhne a bhí an ceangal a bhí ag Flann O’Brien leis an nGaeilge agus le litríocht na Gaeilge.
  • Oidhreacht an Bhlascaoid (1989)
  • Tomás an Bhlascaoid (1992)
  • Saoi na hÉigse (2000)
  • The Famine Lectures/Léachtaí an Ghorta (2001)
  • Aistí ag Iompar Scéil (2004)
  • Séimhfhear Suairc (2013)
  • Buile Suibhne: Perspectives and Reassessments (2014).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Death Notice of Breandán Ó Conaire (Portmarnock, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-07-24.
  2. "Breandán Ó Conaire" (ga-IE). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2025-07-24.
  3. 1 2 IABA (2025-07-22). "IABA mourns the passing of former President, Breandán Ó Conaire." (en-US). Irish Athletic Boxing Association. Dáta rochtana: 2025-12-01.
  4. 1 2 Seinnteoir TG4 (2022). "Seal le Dáithí | Breandán Ó Conaire |" (as ga-IE).
  5. 1 2 3 "Breandán Ó Conaire, fathach i léann na Gaeilge agus sa dornálaíocht, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-23). Dáta rochtana: 2025-07-24.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]