Bréag mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adolf Hitler go luath sna 1920í, faoin am a thosaigh sé ag scríobh Mein Kampf (1925)

Is éard atá i gceist le 'bréag mhór' (Gearmáinis: große Lüge) ná ollshaobhadh nó bréagléiriú ar an bhfírinne a úsáidtear go príomha mar theicníc bholscaireachta pholaitiúil. [1] [2] Le linn dó Mein Kampf a dheachtú, chum Hitler an téarma große Lüge chun tagairt a dhéanamh do bhréag chomh ollmhór sin nach gcreidfeadh éinne go bhféadfadh aon duine an dánacht a bheith aige an fhírinne a chasadh chomh náireach sin” (Gearmáinis: "die Unverschämtheit haben könnte, die Wahrheit so schändlich zu verdrehen"). Mhaígh Hitler gur bhain na Giúdaigh leas as an teicníocht chun an milleán a chur ar an nginearál Erich Ludendorff, a bhí ina cheannaire polaitiúil suntasach náisiúnach i bPoblacht Weimar, as treascairt na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda.

De réir an staraí Jeffrey Herf, d'úsáid na Naitsithe an bhréag mhór ar dtús chun meon a iompú in aghaidh na nGiúdach agus chun an Uileloscadh a chosaint. Áitíonn Herf gur bhain Joseph Goebbels agus an Páirtí Naitsíoch úsáid as teicníc na bréige móire chun an frith-Ghiúdachas a bhí ann le fada an lá san Eoraip a iompú ina olldhúnmharú. Mhaígh Herf freisin gurb ó bréag mhór na Naitsíoch ná an Ghearmáin a léiriú mar thalamh neamhchiontach, faoi léigear, agus a bhí ag frithionsaí na Comhcheilge Idirnáisiúnta Giúdach' (An Ghearmáinis:"Weltjudentum"), daoine ar chuir na Naitsithe an milleán orthu as an Chéad Chogadh Domhanda a thosú. Mhaígh bolscaireacht Naitsíoch arís agus arís eile go raibh cumhacht pholaitiúil sa chúlra ag Giúdaigh sa Bhreatain, sa Rúis agus sna Stáit Aontaithe. Leathnaigh an bhréag mhór freisin éilimh go raibh tús curtha ag na Giúdaigh le cogadh díothaithe i gcoinne na Gearmáine, agus de réir sin go raibh sé de cheart ag an nGearmáin na Giúdaigh a dhíothú agus iad ag iarraidh an Ghearmáin a chosaint.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Big Lie | Definition of The Big Lie by Oxford Dictionary on Lexico.com also meaning of The Big Lie” (en). Lexico Dictionaries | English. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 January 2021. Dáta rochtana: 2021-01-17.
  2. Definition of Big Lie”. Merriam-Webster. Dáta rochtana: 2021-06-13.